An earnáil phoiblí

Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr ag cur sainchúrsaí Gaeilge ar fáil i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí a reáchtálaimid dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus an aidhm a bhíonn leis an oiliúint ná cur ar chumas na rannpháirtithe seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá cúrsaí curtha le chéile againn chomh maith d’fhostaithe ar gá dóibh caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach chun gur féidir leo a gcuid oibre a dhéanamh sa teanga sin.

Is mian le Gaelchultúr a chinntiú i gcónaí go mbainfidh foghlaimeoirí taitneamh agus tairbhe as na ranganna dár gcuid a bhfreastalóidh siad orthu agus go bhféachfaidh siad ar fhoghlaim na Gaeilge mar rud pléisiúrtha seachas mar dhualgas.

Chun níos mó eolais a fháil faoin gcur chuige a úsáideann Gaelchultúr nuair a iarrtar ar an gcuideachta cúrsa a reáchtáil i gcomhlacht de chuid na hearnála poiblí, cliceáil ar an nasc Cúrsaí ginearálta gan teastasú sa cholún ar chlé.


Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
Tá trí shainchúrsa creidiúnaithe don earnáil phoiblí - Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, Leibhéal 3; Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, Leibhéal 4 agus Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, Leibhéal 5 - á gcur ar fáil againn.

Chun níos mó eolais a fháil faoi na cúrsaí sin, cliceáil ar Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil - Leibhéal 3 (NFQ), Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil - Leibhéal 4 (NFQ) nó ar Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil - Leibhéal 5 (NFQ).