Tús an chúrsa | 10 Samhain 2017 |
Críoch an chúrsa | 2 Feabhra 2018 |
Cathain | Dé hAoine, 9:45am - 1:00pm |
Seisiúin | 10 |
Leibhéal | Leibhéal 3 |
Ionad | Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo - Áras an Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo |
Tá an cúrsa dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith.
Beidh an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt, ach beidh roinnt deiseanna ag na mic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.
Bainfear úsáid as an gcur chuige cumarsáideach sna seisiúin sa seomra ranga. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, rud a thabharfaidh deis do na mic léinn cleachtadh a dhéanamh ar an méid a bheidh múinte dóibh.
Le cois na seisiún sa seomra ranga nó beo ar líne, beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chúrsa cuimsitheach ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com. Beidh siad in ann úsáid a bhaint as an áis seo agus iad ag dul siar ar ábhar na ranganna a bheidh déanta acu agus ag ullmhú do na cinn a bheidh fós le teacht.
Beidh measúnú leanúnach mar chuid lárnach de na cúrsaí agus beidh scrúdú cainte le déanamh ag na mic léinn ar chríochnú na gclár dóibh.
Bróisiúr an chúrsa
Tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Leibhéal 3) oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin agus atá ábalta cumarsáid an-bhunúsach a dhéanamh sa teanga (beannú do dhaoine agus iad féin a chur in aithne, mar shampla).
Tá an cúrsa dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid bhunúsach a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith.
Tá an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt, ach bíonn roinnt deiseanna ag na mic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.