Cúrsa Gaeilge d'Iarratasóirí Hibernia
Tá Gaelchultúr ag glacadh le hiarratais do Chúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia anois. Is cúrsa é seo dóibh siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas (H.Dip. in Arts in Primary Education). Díreofar ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirfear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo eolas a chur ar fáil do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas:
• tús maith a chur leis an agallamh, rud a chuirfidh ar a suaimhneas iad, agus a rachaidh i bhfeidhm ar na hagallóirí
• briathra a úsáid i gceart
• freagraí fada, ina bhfuil scoth na Gaeilge, a thabhairt ar cheisteanna a thagann chun cinn go minic san agallamh
• freagraí a thabhairt atá cruinn ó thaobh na gramadaí de.
Beidh an cúrsa oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, roinnt mhaith blianta ó shin, b’fhéidir. Beidh an bhéim ar scileanna labhartha agus éisteachta agus déanfar an ghramadach a mhúineadh i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil.