An nuacht is déanaí

Tóg céim chun tosaigh le Dianchúrsa Ghaelchultúir

Ar mhaith leatsa barr feabhais a chur ar do chuid scileanna scríofa Gaeilge? B’fhéidir gur mhaith leat cur isteach ar phost nó ar chúrsa iarchéime ach go bhfuil imní ort nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach agat sa teanga. Nó b’fhéidir go bhfuil tú ag obair trí mheán na Gaeilge cheana agus go gcaithfidh tú dul chun cinn a dhéanamh sa teanga chun ardú céime a fháil. Tabhair faoin Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr idir Bealtaine agus Lúnasa 2013 agus ní fada go mbeidh an Ghaeilge go paiteanta agat!

Tosóidh dianchúrsa an tsamhraidh ar 25 Bealtaine agus mairfidh sé go dtí lár mhí Lúnasa. Déanfaidh na rannpháirtithe an chuid is mó den chúrsa ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, ach eagrófar ceardlanna lae ar cheithre Shatharn éagsúla chomh maith. Is i gceanncheathrú Ghaelchultúir ag 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, a bheidh na seisiúin sin ar siúl. Ní gá dóibhsean a chaillfidh na seisiúin sa seomra ranga a bheith róbhuartha: beidh fáil ag na rannpháirtithe ar fad ar fhíseáin ina mbeidh cur síos cuimsitheach ar an obair a bheidh déanta sa seomra ranga.

Tá an clár páirtaimseartha seo dírithe ar dhaoine a bhíonn ag obair trí mheán na Gaeilge ar bhonn laethúil – múinteoirí, iriseoirí, státseirbhísigh agus aistritheoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge agus cur lena gcuid eolais ar ghramadach na teanga. Tá sé oiriúnach chomh maith dóibhsean ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. €450 an táille atá i gceist.

“Seo an t-ochtú uair dúinn an clár seo a eagrú,” arsa Aodh Ó Gallchóir, Bainisteoir Sainchúrsaí Ghaelchultúir, “agus tá oiread éilimh air anois is a bhí riamh. Go deimhin, tá níos mó fiosrúchán faoi i mbliana ná mar a bhíonn go hiondúil de bhrí, sílim, go bhfuil soiléiriú de dhíth ar dhaoine mar gheall ar na leasuithe atá déanta ar an Chaighdeán Oifigiúil agus mar gheall ar na rialacha nua atá le fáil sa Chaighdeán Athbhreithnithe.

“Tá beagnach 270 duine tar éis an dianchúrsa a dhéanamh go dtí seo agus measaimid gur teist an-mhaith é sin ar an chúrsa.”

Bíonn fáil ag na mic léinn a thugann faoin gclár ar dhá chúrsa ar ranganna.com: Gramadach gan Stró! (atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna) agus Tusa agus do Ríomhaire. Tá míniú simplí le fáil sa chúrsa Gramadach gan Stró! ar na gnéithe den ghramadach is mó a mbíonn fadhb ag daoine leo – an chopail, cuir i gcás, an clásal coibhneasta agus na huimhreacha pearsanta – agus tá eolas cuimsitheach le fáil in Tusa agus do Ríomhaire mar gheall ar chúrsaí teicneolaíochta agus na háiseanna atá ar fáil ar líne chun cabhrú le daoine agus iad ag scríobh na Gaeilge.

Tá na cleachtaí atá le fáil sa dá chúrsa sin idirghníomhach; nuair a bhíonn ceacht déanta ag an mac léinn is féidir leis an cnaipe ‘Seol’ a bhrú agus aiseolas a fháil láithreach mar gheall ar a chuid oibre. (Dála an scéil, is féidir triail a bhaint as na cúrsaí thuasluaite saor in aisce ar ranganna.com.) Bíonn deis freisin ag mic léinn an Dianchúrsa obair bhaile a sheoladh ar an ríomhphost chuig a dteagascóir; tugtar aiseolas cuimsitheach dóibh mar gheall ar a gcuid oibre taobh istigh de chúpla lá.

Ó thaobh leibhéil de, tá an cúrsa oiriúnach dóibh siúd a n-éireoidh leo ar a laghad 80% a ghnóthú i dTriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir. Chun tabhairt faoin triail sin, cliceáil anseo.

Beidh deis ag na mic léinn tabhairt faoi scrúdú gramadaí agus aistriúcháin dhá uair an chloig ar chríochnú an chúrsa dóibh (níl an tástáil éigeantach, áfach). Beidh an tástáil seo mar scrúdú iontrála chomh maith do chúrsa san aistriúchán a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr amach anseo. Coinnigh súil ar gaelchultur.com leis an nuacht is déanaí a fháil maidir leis an gclár sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge nó chun áit a chur in áirithe, téigh go www.gaelchultur.com. Is féidir tuilleadh eolais a fháil freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelchultur.com.

Chun bróisiúr an Dianchúrsa a íoslódáil, cliceáil anseo.

Tá an tionscnamh seo á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, ITBÁC: deis iontach dóibh siúd atá ag obair trí mheán na teanga

In ainneoin an chúlaithe eacnamaíochta agus na gciorruithe ar fad atá á ndéanamh le cúpla bliain anuas in Éirinn, tá deiseanna fostaíochta ann go fóill do chéimithe a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge. I mí Iúil 2012, mar shampla, d’fhógair an eagraíocht EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) go raibh folúntais ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh do 38 n-aistritheoir Gaeilge. Níor éirigh ach le seacht nduine dhéag den dream a chuir iarratas isteach ar na poist sin sa chéad chéim den phróiseas earcaithe (na trialacha inniúlachta), áfach, agus is dócha, mar sin, go mbeidh na poist á bhfógairt arís san am atá romhainn.

Le cois na bpost aistriúcháin in institiúidí an Aontais, bíonn folúntais ar fáil do dhlítheangeolaithe Gaeilge go rialta chomh maith. D’fhógair EPSO an mhí seo caite, mar shampla, go mbeadh comórtas ar siúl do phoist sa réimse seo sa dara cuid de 2013.

Chun cur leis an líon daoine a bheadh in ann cur isteach ar phoist mar na cinn thuas (agus in earnáil na Gaeilge i gcoitinne), cuireadh tús le clár máistreachta páirtaimseartha dhá bhliain in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i mí Eanáir 2008. Tá an clár nuálach seo, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, i gcomhar le Gaelchultúr. Tá dhá ghrúpa mac léinn tar éis an chéim a bhaint amach dtí seo agus beidh an tríú grúpa críochnaithe leis an gcúrsa ag tús an tsamhraidh seo.

Tosóidh an chéad chlár eile i mí Mheán Fómhair i mbliana agus is é an spriocdháta d’iarratais don chúrsa sin ná Dé Céadaoin, 24 Aibreán 2013. Ta foirm iarratais agus eolas breise ar fáil ag www.dit.ie/gaeilgefheidhmeach/ga.

“Rachaidh an cháilíocht MA sa Ghaeilge Fheidhmeach chun sochair do na céimithe agus iad ag feidhmiú ar bhonn proifisiúnta i dtimpeallachtaí Gaeilge agus dátheangacha san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach,” arsa an Dr Siobhán Ní Laoire, cathaoirleach an chláir. “Is iontach an rud é go bhfuil deiseanna fostaíochta fós ag teacht chun cinn ar bhonn rialta in institiúidí an Aontais Eorpaigh do dhaoine a bhfuil sainscileanna teanga acu. Cuirfidh daoine ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, ateangairí, dlítheangeolaithe, léitheoirí profaí nó rúnaithe spéis sa chúrsa seo agus beidh sé oiriúnach freisin do mhúinteoirí scoile agus do dhaoine atá ag obair sna meáin, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile.”

Bronnfar scoláireacht ar gach duine a n-éireoidh leis/léi áit a bhaint amach ar an gcúrsa agus, dá bhrí sin, ní bheidh aon táille le híoc ag mic léinn. Is é an tÚdarás um Ard-Oideachas atá ag feidhmiú na scéime agus is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag maoiniú an chúrsa. Tá líon na n-áiteanna atá ar fáil teoranta. Braitheann áit ar an gcúrsa ar chaighdeán sásúil a bhaint amach i dtástáil teanga a bheidh ar siúl in ITBÁC ar 11 Bealtaine.

Fógra tábhachtach:
Níl dearbhú faoi mhaoiniú do chúrsa 2013 curtha ar fáil fós. Sa chás go gcuirfear maoiniú ar fáil ó shainchiste na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar a cuireadh go dtí seo, tá sé i gceist go leanfar leis an gcúrsa. Coinneofar iarratasóirí ar an eolas de réir mar a chuirfear an t-eolas sin ar fáil d’ITBÁC.


Gníomhaíochtaí Gasta – Leabhar nua do mhúinteoirí bunscoile foilsithe ag Gaelchultúr

Is fada múinteoirí bunscoile ag streachailt le teacht ar bhealaí níos éifeachtaí chun an Ghaeilge a mhúineadh, agus tá lúcháir mhór ar Ghaelchultúr an leabhar úrnua seo, Gníomhaíochtaí Gasta, a chur ar fáil dóibh. Beidh fáil ag múinteoirí ar 60 gníomhaíocht spraíúil chumarsáide, mar aon le pleananna ceachta, a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid nádúrtha agus foghlaim éifeachtach a chothú sa rang Gaeilge.

Is éard atá in Gníomhaíochtaí Gasta leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.

Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta.

“Cé go bhfuil béim i gcúrsaí múinteoireachta ar an gcur chuige cumarsáideach le blianta, bíonn sé deacair teacht ar mhodhanna éifeachtacha le cumarsáid a spreagadh sa seomra ranga,” a deir Siobhán Patten, údar an leabhair. “Measaim gur acmhainn luachmhar a bheidh in Gníomhaíochtaí Gasta do mhúinteoirí bunscoile agus go gcabhróidh sé go mór le leo scileanna teanga na ndaltaí a fhorbairt ar bhealach spraíúil, idirghníomhach.”

Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Cuirfidh sé seo ar chumas an mhúinteora plé le gach aonad mar cheacht iomlán, más mian leis/léi déanamh amhlaidh. Is féidir, dar ndóigh, na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide a úsáid ina n-aonar, mar shúil siar ar ábhar a múineadh cheana féin nó go díreach mar chluichí spraíúla ranga.

An cur chuige cumarsáideach atá i gceist tríd síos sa leabhar agus tá go leor de na feidhmeanna teanga atá leagtha síos sa churaclam Gaeilge le fáil ann.

Is as Acaill, Contae Mhaigh Eo, ó dhúchas í Siobhán Patten. Chaith sí roinnt mhaith blianta ag obair mar mhúinteoir bunscoile, mar oiliúnóir agus mar Bhainisteoir Sainchúrsaí le Gaelchultúr. Tá taithí leitheadach aici ar shiollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta a fhorbairt.

Is féidir Gníomhaíochta Gasta a cheannach ar www.siopa.ie ar €34.95.

Le féachaint ar ábhar samplach ón leabhar, cliceáil anseo.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil don leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge seo.

Aip Amhrán na bhFiann tugtha d’Fhoireann Rugbaí agus d’Fhoireann Sacair na hÉireann

Tá aip don iPhone a chabhraíonn le daoine Amhrán na bhFiann a fhoghlaim seolta saor in aisce ag Gaelchultúr chuig foireann rugbaí agus chuig foireann sacair na hÉireann. Beidh an aip seo úsáideach do na himreoirí agus cluichí acu i gcoinne Shasana agus na Polainne an tseachtain seo. Múineann an aip an t-amhrán náisiúnta i stíl Karaoke, líne ar líne. Ní gá d’imreoirí agus do lucht leanúna na hÉireann a bheith ag mungailt le linn an amhráin náisiúnta a thuilleadh, mar sin!

Cuirfidh aip seo Amhrán na bhFiann ar chumas imreoirí rugbaí agus sacair na hÉireann na focail agus an fonn a fhoghlaim ar dtús agus ansin beidh siad in ann triail a bhaint as an amhrán a chanadh iad féin. Tá tráth na gceist ann chomh maith faoin amhrán náisiúnta a bhfuil go leor fíricí suimiúla le foghlaim uaidh. An raibh a fhios agat, mar shampla, gur scríobhadh an t-amhrán i mBéarla i dtús? Nó gur i 1998 a cuireadh stop le craoladh Amhrán na bhFiann ag deireadh an lae craolta ar RTÉ?

Chun teacht ar an aip, cuardaigh na focail “Irish National Anthem” san App Store. Tá treoracha na haipe dátheangach, mar sin is féidir leis na húsáideoirí an t-amhrán a fhoghlaim trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Tá trí rogha ar fáil san aip:
1. Foghlaim na Focail: Éist leis an bhfoghraíocht gan aon cheol
2. Foghlaim an Fonn: Éist leis na focail agus leis an gceol
3. Tú Féin Anois: Bí ag canadh leis an gceol

Tá aistriúchán Béarla ar Amhrán na bhFiann curtha ar fáil san aip chomh maith.