Tá áthas ar Ghaelchultúr an chéad cheardlann eile ar amhránaíocht agus rince ar sean-nós a fhógairt. Beidh an cheardlann seo oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil cur amach ar bith acu ar an rince nó ar an amhránaíocht ar an sean-nós, le cois daoine a d’fhreastail ar roinnt ceardlann cheana féin.
Áirithint agus tuilleadh eolais
Tá an cúrsa páirtaimseartha seo dírithe orthu siúd ar mian leo iarratas a chur isteach ar chúrsa iarchéime Gaeilge – MA san aistriúchán, cuir i gcás – ach a mheasann nach bhfuil an caighdeán cuí bainte amach acu. Tá cúrsa an tsamhraidh lán ach beidh ceann eile ar siúl ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh.
Bróisiúr an chúrsa - Áirithintí
Cur síos ar an gcúrsa do mhic léinn in Éirinn
Cur síos ar an gcúrsa do mhic léinn thar lear
Tá Gaelchultúr ag tairiscint sé chúrsa éagsúla ar líne do mhúinteoirí bunscoile an samhradh seo. Gheobhaidh na múinteoirí a thabharfaidh fúthu trí lá saoire phearsanta bhreise (EPV). Tá 20 uair an chloig oibre i gceist i gcás gach cúrsa agus ní foláir do mhúinteoirí an obair sin a dhéanamh idir 1 Iúil agus 28 Lúnasa. Tá na cúrsaí seo ar fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com
• Cruinneas sa Ghaeilge do Mhúinteoirí Bunscoile
• Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge don Seomra Ranga
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Naíonáin Shóisearacha agus Shinsearacha
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 1 agus 2
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 3 agus 4
• Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí Bunscoile - Rang 5 agus 6
Tá dianchúrsa ag meánleibhéal 1 forbartha ag Gaelchultúr chun cabhrú le daoine feabhas a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge in achar gearr ama. Tá meascán den ríomhfhoghlaim agus de sheisiúin lae sa seomra ranga i gceist sa chúrsa, rud a thugann deis do mhic léinn foghlaim ag amanna a oireann dóibh féin, gan an brú a bheith orthu a bhaineann le freastal ar ranganna seachtainiúla thar roinnt míonna. Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim ar fhorbairt scileanna labhartha agus éisteachta ach tugtar deiseanna don fhoghlaimeoir an teanga a scríobh agus a léamh freisin.
Bróisiúr an chúrsa - Áirithintí
Beidh ranganna Gaeilge oíche an fhómhair ag tosú sa tseachtain dar tosach 20 Meán Fómhair 2010. Beidh ranganna ar siúl i 15 ionad timpeall na tíre. Moltar duit clárú go luath.
Áirithintí & Ionaid - Bróisiúr ranganna Gaeilge - Triail Ghaeilge ar Líne saor in aisce
Tosóidh an chéad chúrsa eile ag tús mhí Feabhra 2011. Tá an MA seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Dámh na nEalaíon Feidhmeach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr. Is é an spriocdháta d’iarratais do chúrsa 2011 ná 22 Meán Fómhair 2010. Cliceáil anseo
Cuireann Gaelchultúr dianchúrsaí ar fáil i rith na bliana dóibh siúd ar mian leo ullmhúchán a dhéanamh d'agallamh Gaeilge an Ardteastais san Oideachas (Bunmhúinteoireacht). Cliceáil anseo
Bain triail as ár suíomh ríomhfhoghlama www.ranganna.com inniu saor in aisce. Foghlaim Gaeilge ag do luas féin, sa bhaile nó san oifig. Cúrsaí ag an meánleibhéal, cruinneas sa Ghaeilge, cúrsaí do mhúinteoirí. Cliceáil anseo
Dála na mílte eile go dtí seo, déan do chuid Gaeilge a thástáil ar líne saor in aisce.Cliceáil anseo