%%STUDENT_LOGIN%%

%%ENTER_EMAIL_AND_PASSWORD%%

%%FORGOT_PASSWORD%%?
Students

%%NEWS%%

Facebook

Lean muid ar www.facebook.com...

Foras na Gaeilge

Bunaíodh an comhlacht Gaelchultúr Teoranta in 2004 agus é mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa, a chur chun cinn i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Ionad

Ag tús mhí Feabhra 2005, bhog Gaelchultúr isteach i spás nua i bhfoirgneamh Filmbase ar an gCuarshráid (os comhair an ionaid ceoil The Button Factory) i mBarra an Teampaill agus is ansin a bhíonn cuid imeachtaí an chomhlachta ar siúl anois.

Oscailte 9.30 a.m. - 5.30 p.m. (lón 1.00 - 2.00 p.m.), Dé Luain - Dé hAoine.


Léarscáil


Déan teagmháil linn

Gaelchultúr Teoranta, Leibhéal 2, Foirgneamh Filmbase, An Chuarshráid, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2

(01) 675-3658 / 1890 252 900

eolas@gaelchultur.com

 

Stiúrthóirí an chomhlachta

Éamonn Ó Dónaill

Éamonn 2Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é Éamonn Ó Dónaill. Chaith sé sé bliana (1996-2002) ag obair mar Stiúrthóir ar an Teanglann i Roinn na Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus mar chomhairleoir teanga ina dhiaidh sin. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris idirlín Beo! (www.beo.ie) ó bunaíodh í sa bhliain 2001 go dtí Meán Fómhair 2007. Tá sé ina stiúrthóir chomh maith ar Sult Teoranta (www.clubsult.com) atá ag reáchtáil club Gaeilge, Sult, ó bhí 1999 ann. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Raidió na Life i 1992 agus chaith sé roinnt blianta ag craoladh leis an stáisiún.

Bhí Éamonn ina Chomhordaitheoir Teanga ar dhá shraith teilifíse d’fhoghlaimeoirí Gaeilge go dtí seo: Turas Teanga (www.rte.ie/tv/turasteanga), a craoladh ar RTÉ in 2004, agus Now You’re Talking, a craoladh ar RTÉ agus ar an BBC i 1995. Scríobh sé an dá leabhar a bhí ag dul leis na sraitheanna sin chomh maith. Is iad Teach Yourself Irish Grammar (2005) agus Gramadach gan Stró! (2008) (www.siopa.ie) na leabhair is deireanaí uaidh.

Tá Éamonn ag feidhmiú mar Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir ó bhí 2005 ann.

Darren Ó Rodaigh

Is as Bré, Contae Chill Mhantáin ó dhúchas é Darren Ó Rodaigh. Tar éis na hArdteiste, chaith sé bliain ag obair leis an eagraíocht Ghaeilge Coláiste na bhFiann. Bhain sé céim onóracha amach san Airgeadas, Ríomhaireacht agus Fiontraíocht le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.

Bhunaigh Darren agus cómhac léinn dá chuid, Eoin Ó Ceallacháin, an comhlacht zamano (www.zamano.com) sa bhliain 2000. Déanann an comhlacht sin, a bhfuil fiche duine fostaithe aige anois, bogearraí a fhorbairt do ghutháin phóca. Rinne zamano an cluiche Smart Ass a fhorbairt don chomhlacht Esat Digifone (O2 anois) agus an tseirbhís téacsála grúpa don chomhlacht céanna.

Tá Darren ag feidhmiú mar Stiúrthóir Tráchtála Ghaelchultúir ó bhí 2009 ann.