%%STUDENT_LOGIN%%

%%ENTER_EMAIL_AND_PASSWORD%%

%%FORGOT_PASSWORD%%?
Students

%%NEWS%%

Facebook

Lean muid ar www.facebook.com...

Foras na Gaeilge

Ranganna Gaeilge

Cuireann Gaelchultúr ranganna Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta ag suas le seacht leibhéal, trí huaire sa bhliain, in ionaid éagsúla. Cuirfear tús le cúrsa an tsamhraidh an tseachtain dar tosach 24 Bealtaine 2010. Mairfidh an cúrsa seo sé seachtaine agus rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain, a bheidh i gceist. Tá níos mó eolais le fáil sa rannóg Cúrsaí.



Gramadach gan Stró!

Tá graiméar Éamoinn Uí Dhónaill, Gramadach gan Stró!, ar díol ar www.siopa.ie. Praghas: €20 (móide postas). Tá an leabhar seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán réasúnta maith bainte amach acu sa Ghaeilge labhartha cheana féin ach ar mian leo feabhas a chur ar a gcuid gramadaí. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí de ghnáth agus a gcuireann rialacha casta mearbhall orthu.



Cúrsa i gcomhar le Cumann Onórach Óstaí an Rí

Cúrsa ullmhúcháin do chainteoirí Gaeilge ar mian leo cur isteach ar phoist mar dhlítheangeolaithe in institiúidí na hEorpa (2010)

Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa seo, atá á reáchtáil ag Gaelchultúr Teoranta i gcomhar le hÓstaí an Rí, na rannpháirtithe a ullmhú do na scrúduithe iontrála a reáchtálfar amach anseo chun na folúntais mar dhlítheangeolaithe a líonadh. Cuirfear tús leis an gcúrsa Dé Luain, 7 Meitheamh 2010 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.

Spriocdháta d'iarratais
Ní mór d’iarratais a bheith faighte ag Óstaí an Rí faoi 4.00 p.m., Dé hLuain, 17 Bealtaine 2010.


Más mian leat bróisiúr an chúrsa nó foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig suíomh gréasáin Óstaí an Rí.


Eolas breise: tom.macdonald@kingsinns.ie
Tom Macdonald, Déan Scoil an Dlí, Óstaí an Rí, Sráid Henrietta,Baile Átha Cliath 1.

Suíomh gréasáin: http://www.kingsinns.ie/website/prospective_students/lawyerlinguist.htm



MA sa Ghaeilge Fheidhmeach

Chuir Scoil na dTeangacha, Dámh na nEalaíon Feidhmeach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath tús le cúrsa nua, MA sa Ghaeilge Fheidhmeach, i mí Eanáir 2008. Tá an cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain seo á reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr.


Tosóidh an chéad chúrsa eile ag tús mhí Feabhra 2011. Is é an spriocdháta d'iarratais do chúrsa 2011 ná 22 Meán Fómhair 2010

Tuilleadh eolais: http://gaeilgefheidhmeach.dit.ie/; gfheidhmeach@dit.ie; (01) 402-2828.



Gaeilge gan Stró!
Tá cúrsa teanga ar líne ag an meánleibhéal forbartha ag Gaelchultúr. Is féidir leat clárú do Gaeilge gan Stró! anois.

Tá an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Bain triail as saor in aisce.



Facebook

Lean muid ar www.facebook.com