Ár bpríomhréimsí saineolais:
Comhairle mar gheall ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003
Sainchúrsaí Gaeilge don earnáil phoiblí agus don earnáil phríobháideach: Oiliúint Ghaeilge intí
An Teicneolaíocht agus an Ghaeilge Cliceáil anseo
Oiliúint Feasachta Teanga Cliceáil anseo
Cúlra agus Eolas
Ó bhí 2005 ann, tá Gaelchultúr ag cur ar fáil sainchúrsaí Gaeilge i gcomhlachtaí de chuid na seirbhíse poiblí chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh. Bíonn formhór na gcúrsaí seo dírithe ar na baill foirne sin a mbíonn teagmháil rialta acu leis an bpobal agus bíonn sé mar aidhm acu cur ar a gcumas seirbhís do chustaiméirí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá cúrsaí curtha le chéile againn chomh maith d’fhostaithe ar gá dóibh caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach chun cur ar a gcumas a gcuid oibre a dhéanamh sa teanga sin.
Bíonn sé mar aidhm i gcónaí ag Gaelchultúr cúrsaí traenála a chur ar fáil a mbainfidh na rannpháirtithe sult, sásamh agus tairbhe astu.
Ceisteanna Coitianta Cliceáil anseo
Déan teagmháil linn
Chun níos mó eolais a fháil nó chun cóip a fháil dár bpacáiste eolais don earnáil phoiblí, déan teagmháil linn (sonraí thíos).
Sonraí teagmhála:
Darren Ó Rodaigh
Stiúrthóir Tráchtála
Gaelchultúr Teoranta
darren@gaelchultur.com
Líne dhíreach: (01) 484 5224