Nuachtlitir #18: Meitheamh 2012

Suíomh nua agus ionad nua ag Gaelchultúr


Tá Gaelchultúr tar éis cur go mór lena réimse seirbhísí agus acmhainní d’fhoghlaimeoirí le cúpla bliain anuas agus, in ainneoin an chúlaithe eacnamaíochta, tá forbairtí tábhachtacha á ndéanamh go leanúnach ag an gcomhlacht. Ar 1 Meitheamh, mar shampla, seoladh suíomh gréasáin athdheartha Ghaelchultúir, agus beidh an comhlacht ag bogadh go hionad úrnua i lár Bhaile Átha Cliath roimh dheireadh na seachtaine seo.


“Tá súil againn go bhfuil an suíomh gréasáin nua leagtha amach ar bhealach loighciúil,” a deir Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir Tráchtála Ghaelchultúir, “agus nach mbeidh deacracht ar bith ag an bpobal an t-eolas a bheidh uathu a aimsiú. Tá teacht ar chuid seirbhísí uile Ghaelchultúir san áit amháin anois. Más mian leat rang a chur in áirithe, mar shampla, cúrsa ar líne a dhéanamh linn, earra Gaeilge a cheannach nó féachaint ar fhíseán de chuid ‘Frása an Lae’, is féidir leat é sin ar fad a dhéanamh go héasca ar an suíomh nua seo.


“Tá nasc chuig Nuachtlitir Ghaelchultúir ó gach leathanach de chuid an tsuímh, mar aon le naisc chuig eolas faoi na sainchúrsaí a chuirimid ar fáil don earnáil phoiblí, eolas faoin gcomhlacht agus liosta cuimsitheach de na hacmhainní atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí Gaeilge.”


Is leagan béite é an chéad leagan seo den suíomh agus beifear á fhorbairt sna míonna atá amach romhainn. Má tá tuairimí agatsa mar gheall ar an suíomh nó moltaí a chabhróidh le Gaelchultúr feabhas a chur air, téigh i dteagmháil leis an gcomhlacht trí chliceáil anseo.


I gceann roinnt laethanta, beidh foireann Ghaelchultúir ag fágáil an ionaid i mBarra an Teampaill ina bhfuil an comhlacht lonnaithe ó bhí mí Feabhra 2005 ann agus ag bogadh go spás níos mó ar Shráid an Chláraigh, in aice le Cearnóg Mhuirfean.


“Bhí sé go hiontach a bheith i lár an mhargaidh i mBarra an Teampaill,” a deir Ó Rodaigh, “ach de bhrí go bhfuil fás ag teacht ar an gcomhlacht le roinnt blianta anuas ní raibh an dara rogha againn ach spás níos fairsinge a lorg. Beidh dhá oiread spáis againn ag 11 Sráid an Cláraigh agus beidh ár ndoras tosaigh féin againn den chéad uair. Is teach Seoirseach é an t-áras nua agus measaimid go dtaitneoidh an timpeallacht álainn seo go mór lenár gcuid foghlaimeoirí agus leis an bpobal i gcoitinne. Beidh siopa i seomra tosaigh an fhoirgnimh, rud a fhágfaidh go mbeidh rogha ag daoine bualadh isteach chugainn chun earraí a cheannach nó é sin a dhéanamh ar siopa.ie.


“Tá an t-ionad in áit an-lárnach freisin. Níl sé ach cúig nóiméad siúil ó Stáisiún na bPiarsach agus timpeall seacht nóiméad siúil ó stad an Luas ag Faiche Stiabhna, agus tá go leor stadanna bus in aice láimhe freisin.”


Beidh cuid ranganna go léir Ghaelchultúir, mar aon le himeachtaí eile an chomhlachta, ar siúl ag 11 Sráid an Chláraigh as seo amach agus beidh fáilte roimh an bpobal i gcónaí ansin, a deir Ó Rodaigh.


“Beidh an spás in úsáid againn féin do ranganna cuid mhaith den am ach tá sé i gceist againn é a chur ar fáil do sheoltaí leabhar agus a leithéid chomh maith. Is mian linn go mbeadh 11 Sráid an Chláraigh mar ionad nua don Ghaeilge i gcroílár Bhaile Átha Cliath.”


---------------------------------------------------------------------

Seo an seoladh nua a bheidh ag Gaelchultúr ó Dé Luain, 2 Iúil ar aghaidh:

11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2

Beidh na sonraí teagmhála eile go léir mar a bhí go dtí seo:

Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seoladh ríomhphoist: eolas@gaelchultur.com