
Tá deireadh na sraithe reatha de ClubLeabhar.com ag druidim linn. Agus daoine ag pleanáil a gcuid laethanta saoire agus ag brionglóideach faoi thíortha i bhfad i gcéin, tá leabhar taistil, Ólann mo Mhiúil as an nGainséis le Gabriel Rosenstock, roghnaithe againn mar leabhar mhí an Mheithimh. Tá an saothar ar díol ar €15 ar siopa.ie.

Sa leabhar seo, insítear scéal aistear Gabriel agus a mhná go Dubai, an India, Hong Cong, an tSeapáin, an Astráil, an tSile agus na Stáit Aontaithe. Tá go leor grinn ann ach tá codanna de atá fealsúnach agus fileata freisin. Déantar comparáid sa leabhar idir cultúr na hÉireann agus cultúir na dtíortha ina raibh an t-údar, agus féachtar go háirithe ar na cosúlachtaí idir cultúr na hIndia agus cultúr na tíre seo.
Is file, scríbhneoir haiku, aistritheoir agus údar é Gabriel Rosenstock a bhfuil breis is céad leabhar scríofa nó aistrithe aige. Chuir Michelle Ryan, riarthóir ClubLeabhar.com, agallamh air le déanaí agus labhair sé léi faoin leabhar, faoi spioradáltacht na hIndia agus faoi haikunna. Is féidir féachaint ar an agallamh ach cliceáil ar an gcnaipe seinnte san fhíseán thíos.
Beidh ClubLeabhar.com ag glacadh sosa don samhradh agus cuirfear tús leis an gcéad sraith eile i mí Mheán Fómhair. Tar éis dúinn comhairle agus moltaí a fháil ó bhaill an chlub agus ó roinnt de na foilsitheoirí Gaeilge, tá liosta curtha le chéile againn don tréimhse Meán Fómhair – Nollaig 2012. Is iad seo a leanas na leabhair atá roghnaithe againn:

Tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh. Tá cáil dhomhanda agus meas domhanda ar an úrscéal grinn seo agus is teist mhaith é ar an saothar go bhfuil ag méadú ar a sheasamh i gcónaí, bíodh is gur scríobhadh é os cionn seasca bliain ó shin.
Bhí an leabhar as cló le tamall anuas ach rinneadh athchló air le déanaí. Mar sin, tá an-áthas orainn an tsraith nua de ClubLeabhar.com a thosú leis an tsáreiseamláir seo d’aoir liteartha.
Is é An Béal Bocht margadh na míosa ar siopa.ie agus is féidir é a cheannach ar €7.99 idir seo agus Dé hAoine, 31 Lúnasa.

Bhí an-éileamh ar an gcéad chnuasach filíochta a roghnaigh ClubLeabhar.com, Filíocht Ghrá na Gaeilge, agus, dá bhrí sin, tá díolaim eile dánta roghnaithe againn mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair.
Bhí Seán Ó Ríordáin ar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge san fhichiú haois. Sa leabhar seo, tá cnuasaithe le chéile faoi aon chlúdach amháin, den chéad uair riamh, a shaothar iomlán filíochta: na trí chnuasach a foilsíodh lena bheo, Eireaball Spideoige (1952), Brosna (1964) agus Línte Liombó (1971), chomh maith leis an saothar a cuireadh i gcló tar éis don fhile imeacht ar shlí na fírinne, Tar Éis mo Bháis (1978).

Ó foilsíodh an leabhar seo den chéad uair i bhFraincis i 1943, táthar tar éis é a aistriú go breis is 250 teanga eile. Is é ceann de na leabhair is mó díol riamh é agus tá níos mó ná 200 milliún cóip de díolta ar fud an domhain.
Aistear iontach foghlama trí thíortha agus trí phláinéid i bhfad i gcéin atá faoi chaibidil sa saothar seo. Is aistriúchán iontach é an leagan Gaeilge nach gcailleann blas an bhunsaothair a raibh aigne fhiosrach an duine óig le sonrú chomh mór sin air. Cé go bhfuil teanga an leabhair simplí, tá doimhneacht ag baint leis chomh maith. Is clasaic é An Prionsa Beag atá oiriúnach do gach aoisghrúpa.

Tá áit lárnach ag an imirce, an deoraíocht agus an filleadh, corruair, i litríocht na Gaeilge. Tá saothair scríofa ag go leor údar - Máirtín Ó Díreáin, Pádraic Ó Conaire agus Myles na gCopaleen ina measc - maidir le tábhacht na háite dúchais agus leis an gceangal idir féiniúlacht agus an áit dhúchais.
Is bailiúchán aistí é seo a thugann spléachadh ar shaol an chainteora Gaeilge i gcéin. Tá smaointe ann ar fhéiniúlacht na teanga i gcomhthéacs idirnáisiúnta agus an dearcadh úr atá ag an té nach bhfuil ag cur faoi in Éirinn. Tá ailt le mic léinn, le teagascóirí, le hiriseoirí agus le gníomhaithe teanga sa leabhar seo ina ndéantar machnamh ar thábhacht na Gaeilge agus ar an leas a bhaintear aisti i Nua-Eabhrac, cuir i gcás, Ceanada, an Bhrasaíl agus an Rúis.
Is leabhar spéisiúil é seo a ina bhfiosraítear an nasc idir tír agus teanga agus na féidearthachtaí nua-aimseartha atá i ndán di.
Cé nach mbeidh aon leabhair nua againn go dtí mí Mheán Fómhair, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar shuíomh ClubLeabhar.com. Tá go leor acmhainní ar fáil ann do dhaoine a bhfuil spéis acu i litríocht na Nua-Ghaeilge: gluaiseanna na leabhar ar fad a bhí againn go dtí seo, sleachta as na leabhair, agallaimh atá déanta againn le húdair agus le criticeoirí liteartha agus fóram plé inar féidir le baill an chlub a gcuid tuairimí faoi leabhair na míosa agus faoi chúrsaí litríochta a chur in iúl. Chomh maith leis sin, tá treoracha ann do dhaoine ar mhaith leo club leabhar Gaeilge a thosú ina gceantar féin.
Mura bhfuil tusa cláraithe mar bhall go fóill, tapaigh an deis anois trí chliceáil ar an nasc seo! Tá an bhallraíocht saor in aisce agus ní thógfaidh sé ach dhá nóiméad ort clárú.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
