Nuachtlitir #18: Meitheamh 2012

Comórtas


Tá trí chóip den ghraiméar móréilimh Gramadach gan Stró! á dtairiscint mar dhuaiseanna do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo.


Más mian leatsa cur isteach ar an gcomórtas, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00 p.m., Dé hAoine, 31 Lúnasa. Ní mór duit an cheist seo a fhreagairt sa ríomhphost:

Cén t-úrscéal atá roghnaithe mar leabhar mhí Mheán Fómhair ar ClubLeabhar.com, an club leabhar Gaeilge ar líne de chuid Ghaelchultúir?

Fógrófar na buaiteoirí sa chéad eagrán eile den nuachtlitir seo.