
Is é atá le fáil ar an suíomh teagascnagaeilge.ie ná siollabais Ghaeilge don chéad, dara agus tríú bliain ollscoile, chomh maith le hacmhainní teagaisc, lena n-áirítear físeáin, comhaid fuaime agus ábhar léitheoireachta.
Tá an t-ábhar sin á chur ar fáil ag an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal. Ba iad Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus Roinn na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a bhí ar thús cadhnaíochta sa tionscadal agus is í Ollscoil Uladh a chuir an suíomh i dtoll a chéile.
An cuspóir a bhí ag an Meitheal ná siollabais teanga agus áiseanna teagaisc agus foghlama a dhearadh agus a fhorbairt do mhic léinn na Gaeilge ar an tríú leibhéal – siollabais a bheadh bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
Tá lear mór acmhainní úsáideacha ar an suíomh, ach is díol suntais iad na liostaí de bhunstruchtúir ghramadaí agus de na hearráidí is coitianta a dhéanann mic léinn atá le fáil sna haguisíní a ghabhann leis na siollabais. Tugtar léargas maith ar na fadhbanna a bhíonn ag mic léinn tríú leibhéal leis an nGaeilge sna liostaí sin agus is áis den scoth iad d’fhoghlaimeoirí agus dóibhsean atá ag múineadh na teanga araon.
Chun teacht ar an mbailiúchán ollmhór seo d’acmhainní Gaeilge, cliceáil anseo.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
