
Tháinig grúpa mac léinn ó USC (University of Southern California) ar thuras go hÉirinn le déanaí, ar mic léinn iad atá ag déanamh staidéir ar mhodúl dar teideal “Tradition and Modernity: A focus on Ireland”. Reáchtáil Gaelchultúr ceardlanna dóibh sa Culture Box i mBarra an Teampaill, áit ar fhoghlaim siad roinnt Gaeilge ó Chóilín Ó Floinn agus ó Éamonn Ó Dónaill, agus damhsa ar an sean-nós agus cúpla amhrán Gaeilge ó Enda Ó Catháin.
Tá siad le feiceáil i mbun damhsa san fhíseán thíos agus ag cur a gcuid tuairimí in iúl faoin méid a d’fhoghlaim siad.
Ceol: “The Home Ruler” agus “Mulhaire’s” (cornphíopaí) - ón dlúthdhiosca Ego Trip le
MacDara Ó Raghallaigh
Ealaín le feiceáil sa chúlra: Young Makers – Taispeántas idirnáisiúnta saothar de chuid ealaíontóirí óga comhaimseartha
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
