
An mian leatsa rud éigin taitneamhach agus tairbheach a dhéanamh an fómhar seo agus, lena chois sin, éalú ón dorchadas agus ón drochaimsir ar feadh dhá uair an chloig gach seachtain? Más mian, cláraigh do rang oíche de chuid Ghaelchultúir sna seachtainí atá romhainn!
Cuirfear tús le cúrsa fómhair Ghaelchultúir an tseachtain dar tosach 24 Meán Fómhair i gceithre ionad éagsúla: Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh agus Luimneach. Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang dhá uair an chloig (7.00–9.00 p.m.), oíche sa tseachtain ar feadh deich seachtaine, agus beidh suas le sé leibhéal ar fáil, ó Bhunrang 1, atá oiriúnach do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go Cruinneas sa Ghaeilge, atá dírithe orthu siúd atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid gramadaí.
Is féidir le foghlaimeoirí ar mian leo fáil amach cén leibhéal cumais atá acu sa Ghaeilge tabhairt faoi Thriail Ghaeilge ar Líne Ghaelchultúir. Tá an rogha acu freisin glaoch ar oifig Ghaelchultúir (íosghlao 1890 252 900) agus comhairle a fháil maidir leis an leibhéal a bheadh oiriúnach dóibh.
D’aistrigh Gaelchultúr go hionad nua ar Shráid an Chláraigh in aice le Cearnóg Mhuirfean le gairid agus tá an comhlacht ag súil go mór le fáilte a chur roimh fhoghlaimeoirí chuig an áras nua sin.
“Tá an-éileamh ar chúrsaí Ghaelchultúir le blianta anuas agus, dá bhrí sin, b’éigean dúinn spás níos fairsinge a lorg,” arsa Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. “Tá dhá oiread go leith spáis againn anois is a bhí i mBarra an Teampaill, rud a rachaidh go mór chun tairbhe do na foghlaimeoirí agus na múinteoirí araon. Measaimid go dtaitneoidh an t-ionad nua leis an phobal, go mbraithfidh daoine ar a suaimhneas ann. Beidh siopa á oscailt againn san fhoirgneamh sna míonna atá romhainn, mar sin beidh daoine ábalta bualadh isteach ón tsráid agus leabhair de chuid Ghaelchultúir agus earraí eile Gaeilge a cheannach.”
Is féidir leosan ar spéis leo rang oíche a dhéanamh teagmháil a dhéanamh le Gaelchultúr ach scairt a chur ar (01) 484 5220 / 1890 252 900 nó ríomhphost a sheoladh chuig eolas@gaelchultur.com. Tá eolas cuimsitheach le fáil mar gheall ar na ranganna ar www.gaelchultur.com freisin.
Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil, dá bhrí sin moltar dóibh siúd ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa áit a chur in áirithe go luath.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
