
Bhain Gaelchultúr stádas amach mar sholáthróir dhámhachtainí FETAC (Comhairle na nDámhachtainí Breisoideachais agus Oiliúna) anuraidh agus is cúis áthais é don chomhlacht a fhógairt go mbeidh sainchúrsaí creidiúnaithe don earnáil phoiblí á gcur ar fáil ó mhí Dheireadh Fómhair 2012 ar aghaidh. Tabharfaidh na cúrsaí seo deis d’fhostaithe na hearnála poiblí sainteanga a fhoghlaim a bhainfidh go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht sa Ghaeilge - Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil - a bhaint amach ag an am céanna.
Tá Gaelchultúr ag reáchtáil sainchúrsaí Gaeilge i gcomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí ó bhí 2005 ann chun cabhrú leo a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh, ach is é seo an chéad uair don chomhlacht cúrsaí creidiúnaithe a chur ar fáil.
“Caitheann ár bhfoghlaimeoirí an-dua leis an teanga agus leis an staidéar,” a deir Aodh Ó Gallchóir, Bainisteoir Sainchúrsaí Ghaelchultúir, “agus is iontach an rud é anois go mbeimid in ann teastais a bhronnadh orthu, chun aitheantas a thabhairt dóibh as an obair atá déanta acu agus mar chruthúnas ar a scileanna teanga. Tá súil againn, fosta, go gcabhróidh an teastasú seo leo dul chun cinn a dhéanamh san ionad oibre agus, ar ndóigh, go mbeidh siad in ann seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí.”
Is ag leibhéal 3 (bonnleibhéal 1/bonnleibhéal 2) agus leibhéal 4 (meánleibhéal 1) de Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí a bheidh na cúrsaí a reáchtálfar an fómhar seo, ach tá sé beartaithe ag Gaelchultúr cúrsaí a chur ar fáil ag leibhéil níos airde an bhliain seo chugainn.
Bainfear úsáid as cur chuige nuálaíoch foghlaimeoirlárnach sna sainchúrsaí, rud a chabhróidh leis an bhfoghlaimeoir an tairbhe is mó a bhaint as an teagasc. Le cois seisiún teagaisc sa seomra ranga (nó beo ar líne), beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chúrsa cuimsitheach ar líne, Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. Beidh siad in ann úsáid a bhaint as an ábhar seo agus iad ag ullmhú do na seisiúin sa seomra ranga agus don scrúdú ceannchúrsa.
Rang trí huaire an chloig, lá amháin in aghaidh na seachtaine, a bheidh i gceist go hiondúil agus mairfidh gach cúrsa deich seachtaine. Tá solúbthacht éigin ann, mura n-oireann an leagan amach seo don chliant.
Chun níos mó eolais a fháil faoi shainchúrsaí Ghaelchultúir nó chun cóip a fháil dár bpacáiste eolais don earnáil phoiblí, is féidir teagmháil a dhéanamh le Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir Tráchtála Ghaelchultúir ag an seoladh darren@gaelchultur.com nó trí ghlaoch ar (01) 484 5224.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
