
Tá Cúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia á thairiscint ag Gaelchultúr le cúig mhí anois agus tá breis is céad duine tar éis tabhairt faoin dá chúrsa a bhí ar siúl go dtí seo. Cuirfear tús leis an gcéad chlár eile i mí Dheireadh Fómhair agus go leor daoine cláraithe air cheana féin.
Tá an cúrsa ullmhúcháin seo dírithe orthu siúd a bheidh ag tabhairt faoin agallamh Gaeilge don Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas le Hibernia agus tá sé oiriúnach ó thaobh caighdeáin de do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil ach nár bhain úsáid aisti ó shin. Dírítear ar na príomhábhair chainte a bhíonn i gceist san agallamh agus cuirtear ar chumas na rannpháirtithe a gcuid scileanna cainte a fhorbairt agus cur lena stór focal.
“Bíonn daoine imníoch faoin agallamh Gaeilge go minic mar go bhfuil siad as cleachtadh le fada,” a deir Aodh Ó Gallchóir, Bainisteoir Sainchúrsaí Ghaelchultúir. “Tugann an cúrsa seo deis do na rannpháirtithe dul i dtaithí ar an teanga arís agus, faoi dheireadh an chláir, bíonn siad i bhfad níos muiníní agus iad á labhairt. Is cúis áthais dúinn an claochlú sin a fheiceáil agus, gan amhras, téann sé i bhfeidhm ar agallóirí Hibernia chomh maith.”
Tá cinneadh déanta ag Gaelchultúr dhá rogha a thairiscint le freastal ar dhaoine atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus orthu siúd atá lonnaithe in áiteanna eile in Éirinn nó thar lear, fiú:
Rogha 1: Rang dhá uair an chloig sa seomra ranga oíche sa tseachtain, thar ocht seachtaine, i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBaile Átha Cliath.
Tuilleadh eolais ...
Rogha 2: Dhá sheisiún Sathairn sa seomra ranga i gceanncheathrú Ghaelchultúir i mBaile Átha Cliath, chomh maith le rang beo dhá uair an chloig ar líne, uair sa choicís.
Tuilleadh eolais ...
Le cois na ranganna seo, beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chúrsa cuimsitheach, Cúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia, ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com; tá aonad samplach uaidh ar fáil anseo. Tá taitneamh agus tairbhe bainte ag rannpháirtithe an chúrsa as an ábhar breise seo ar líne; seo thíos roinnt nithe a bhí le rá acu faoi:
“Áis den scoth!”
“Bheinn caillte gan é!”
“Tá ranganna.com ar fheabhas ar fad. Cabhraíonn na comhaid fuaime go mór liom leis an bhfoghraíocht.”
€249 an praghas atá ar an gcúrsa agus beidh rogha ag rannpháirtithe tabhairt faoi bhréagagallamh ag deireadh an chláir ar €30 sa bhreis. Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu tabhairt faoin gCúrsa Gaeilge d’Iarratasóirí Hibernia áit a chur in áirithe anois ar www.gaelchultur.com nó trí scairt a chur ar (01) 484 5220 / 1890 252 900. Níl ach líon teoranta spásanna ar fáil, dá bhrí sin moltar dóibh siúd ar mian leo an cúrsa a dhéanamh áit a chur in áirithe go luath.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
