Is é sprioc na rannóige nua seo, “Amhrán na Míosa”, ná léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir a spreagadh le hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim agus a chanadh. Cuirfear na liricí ar fáil i gcás gach amhráin, mar aon le haistriúchán Béarla agus nasc chuig físeán den amhrán ar YouTube.
Is é an chéad amhrán atá againn daoibh ná ceann de chuid Chlannad, “Téir Abhaile Riú”, atá le fáil ar Clannad 2, an t-album a d’eisigh an grúpa cáiliúil Conallach seo i 1975.
Téir Abhaile Riú
Ah, Go Home
| Curfá | Chorus |
| Téir abhaile riú, | Ah, go home, |
| Téir abhaile riú, | Ah, go home, |
| Téir abhaile riú, a Mhary. | Ah, go home, Mary. |
| Téir abhaile riú ’s fan sa bhaile, | Ah, go home and stay at home, |
| Mar tá do mhargadh déanta. | For your match has been made. |
| Is cuma cé dhein é nó nár dhein, | It doesn’t matter who made or didn’t make it, |
| Is cuma cé dhein é, a Mhary. | It doesn’t matter who made it, Mary. |
| Is cuma cé dhein é nó nár dhein, | It doesn’t matter who made or didn’t make it, |
| Mar tá do mhargadh déanta. | For your match has been made. |
Curfá / Chorus

| Ó, pós an píobaire, | O, marry the piper, |
| Pós an píobaire, | Marry the piper, |
| Pós an píobaire, a Mhary. | Marry the piper, Mary. |
| Pós an píobaire i dtús na hoíche, | Marry the piper at the beginning of the night, |
| Is beidh sé agat ar maidin. | And you’ll have him in the morning. |
Curfá / Chorus
| Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, | Your match has, my match hasn’t, |
| Tá do mhargadh déanta. | Your match has been made. |
| Níl mo mhargadh, tá do mhargadh, | My match hasn’t, your match has, |
| Níl mo mhargadh déanta. | My match hasn’t been made. |
| Ó, níl mo mhargadh, tá do mhargadh, | O, my match hasn’t, your match has, |
| Níl mo mhargadh déanta. | My match hasn’t been made. |
| Tá do mhargadh, níl mo mhargadh, | Your match has, my match hasn’t, |
| Tá do mhargadh déanta. | Your match has been made. |
Curfá (x4) / Chorus (x4)
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn