Nuachtlitir #19: Meán Fómhair 2012

Dhá chúrsa dioplóma á dtairiscint ag Óstaí an Rí


Tá suas le daichead post nua ar fáil do chainteoirí Gaeilge in institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh i mbliana agus beifear ag earcú tuilleadh dlítheangeolaithe agus aistritheoirí dlíthiúla sna blianta atá amach romhainn nach foláir dóibh scileanna Gaeilge ag leibhéal an-ard a bheith acu. Tá dhá chúrsa dioplóma á dtairiscint ag Óstaí an Rí a bhfuil sé mar aidhm acu na rannpháirtithe a ullmhú do na scrúduithe iontrála a reáchtálfar amach anseo chun folúntais sna réimsí thuasluaite a líonadh.


Beidh na poist seo ar fáil sa Bhruiséil – i bParlaimint na hEorpa, sa Choimisiún Eorpach agus i gComhairle an Aontais Eorpaigh – agus beidh tuarastal agus coinníollacha oibre den scoth i gceist.


Is ag aistriú reachtaíochta agus cáipéisí oifigiúla eile a bheidh na haistritheoirí dlíthiúla. Is é an príomhchúram a bheidh ar na dlítheangeolaithe a cheapfar ná dréachtdlíthe atá aistrithe go Gaeilge a scrúdú ó thaobh cruinnis teanga agus cruinnis dlí de.


Is iad na cúrsaí atá á dtairiscint ag Óstaí an Rí ná:

• Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil
agus
• Ard-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil

Seasfaidh cáilíochtaí na gcúrsaí seo freisin d’iarrthóirí ar mian leo fostaíocht a lorg mar aistritheoirí taobh amuigh d’Institiúidí an Aontais Eorpaigh.


Tosóidh na cúrsaí an 1 Deireadh Fómhair 2012 agus mairfidh siad go dtí Bealtaine 2013. Beidh ar na rannpháirtithe freastal ar ranganna tráthnóna Dé Luain agus tráthnóna Dé Céadaoin agus beidh roinnt seisiún Sathairn i gceist freisin. Reáchtálfar na ranganna go léir in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1.


Tá na cúrsaí oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge labhartha agus scríofa acu (grád A sa pháipéar onóracha Gaeilge san Ardteistiméireacht, cuir i gcás). Maidir leis an gcúrsa do dhlítheangeolaithe, teastaíonn céim dlí nó cáilíocht ghairmiúil dlí (BL nó Solr) freisin. Ní gá cáilíocht sa dlí don chúrsa san Aistriúchán Dlíthiúil. Caithfidh scileanna maithe ríomhaireachta a bheith ag iarrthóirí an dá chúrsa.


Beidh ar gach iarrthóir scrúdú iontrála a dhéanamh agus cuirfear torthaí na tástála sin san áireamh agus áiteanna á mbronnadh ar na cúrsaí. Beidh an scrúdú iontrála, ina mbeidh an bhéim ar chruinneas na Gaeilge, ar siúl in Óstaí an Rí idir 6.00-7.00 p.m. Dé Céadaoin, 19 Meán Fómhair.


Tá maitheamh táillí ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu.


Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin Óstaí an Rí: www.kingsinns.ie. Tá scrúdú iontrála samplach curtha ar fáil ar an suíomh freisin.


Chun teagmháil a dhéanamh le riarthóir an chúrsa, Dáithí Mac Cárthaigh, seol ríomhphost chuig dmaccarthaigh@kingsinns.ie nó glaoigh ar (087) 236-8364.


Tá tacaíocht airgid á cur ar fáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta don dá chúrsa dioplóma.