
Tháinig múinteoirí iar-bhunscoile ó Ghaelcholáistí éagsúla ar fud na tíre le chéile i mí Lúnasa le freastal ar dhianchúrsa Gaeilge a reáchtáil COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) i bpáirt le Gaelchultúr. Tá an cúrsa tar éis bheith ar siúl in ionaid éagsúla ar fud na tíre le blianta beaga anuas, Baile Átha Cliath agus Contae Chiarraí ina measc. Ba i gColáiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, a reáchtáladh cúrsa na bliana seo.
“Ba é seo an ceathrú bliain do COGG an cúrsa a reáchtáil i bpáirt le Gaelchultúr agus d’éirigh go han-mhaith leis arís i mbliana,” a deir Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG. “An aidhm atá leis an dianchúrsa Gaeilge seo ná cabhrú le múinteoirí atá ag múineadh in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga chun go mbeidh siad níos cruinne agus níos muiníní agus iad ag plé le daltaí, le tuismitheoirí agus le baill eile de chuid phobal na scoile. Lena chois sin, faigheann siad eolas níos doimhne ar an teanga agus ar an téarmaíocht a bhaineann leis an bpríomhábhar atá á theagasc acu, rud a théann go mór chun sochair dá gcuid daltaí, gan amhras.”
Cuireadh trí rang éagsúla ar fáil i mbliana: dhá rang ag an meánleibhéal agus rang amháin a bhí dírithe ar chruinneas sa Ghaeilge. Ba iad Cóilín Ó Floinn, Eoin Ó Beaglaoich agus Siobhán Patten teagascóirí an chúrsa. Bhí béim ar leith sna ranganna go léir ar theanga laethúil na scoile chun cabhrú le múinteoirí cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le daltaí, le tuismitheoirí agus lena gcuid comhghleacaithe.
Cuirtear lá amháin den chúrsa seachtaine ar leataobh do sheisiúin speisialtóireachta sna príomhábhair a bhíonn á múineadh ag na múinteoirí. Sna seisiúin seo, faigheann na rannpháirtithe comhairle agus leideanna mar gheall ar an teanga a úsáidtear i múineadh a n-ábhar féin agus an téarmaíocht a bhaineann leo. Chomh maith leis sin, cuirtear ar an eolas iad maidir le hacmhainní teagaisc atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Reáchtáiltear seisiún faoin teicneolaíocht le linn an chúrsa freisin ina dtugtar eolas faoi na hacmhainní teicneolaíochta Gaeilge is úsáidí atá ar fáil.
Bíonn gné shóisialta ag baint leis an gcúrsa chomh maith, dar ndóigh. Gach bliain, cuirtear lón ar fáil saor in aisce do na múinteoirí san ionad, rud a thugann deis dóibh aithne a chur ar a chéile agus eolas a mhalartú maidir leis na scoileanna a bhfuil siad ag obair iontu, na hábhair atá á dteagasc acu, etc. I mbliana, mar a bhí amhlaidh blianta eile, bhí plé breá bríomhar i measc na múinteoirí i rith na sosanna agus ag am lóin, rud a chuir go mór le hatmaisféar an chúrsa.
Fuarthas aiseolas iontach mar gheall ar an gcúrsa arís i mbliana. Seo cuid de na rudaí a dúradh mar gheall air:
Bhíos an-tógtha leis an méid acmhainní a fuair mé - iontach agus an-úsáideach! Bhí an cheardlann speisialtóireachta don cheol go hiontach chomh maith ó thaobh na n-áiseanna agus ó thaobh an chleachtaidh de. Go raibh míle maith agaibh! E Ní M
Bhí na múinteoirí an-deas agus an-chabhrach. Mholfainn an cúrsa seo do dhaoine eile. Bhí an plé sna grúpaí go han-mhaith. D’fhoghlaim mé an-chuid ó bheith ag labhairt le múinteoirí eile. A Ní D
Bhí atmaisféar deas cairdiúil ar an gcúrsa, rud atá an-tábhachtach agus bhí béim ar an gcomhrá. Tá mé an-sásta agus beidh mé ar ais an samhradh seo chugainn! C Ní S
Is múinteoir Gaeilge mé le trí bliana anois agus d’fhoghlaim mé a lán rudaí a bheidh úsáideach agus me ar ais sa rang, go háirithe an ghramadach. Bhí múinteoir an-dearfach agus an-eolach againn, rud a dhéanann an-difríocht. S Ó B
Níl aon táille ag baint leis an dianchúrsa seo agus cuirtear acmhainní (téacsleabhair, liostaí téarmaíochta etc.) ar fáil do na hábhair scoile éagsúla, más ann dóibh. Fógrófar sonraí maidir le cúrsa an tsamhraidh seo chugainn ar shuíomh COGG go luath in 2013.
Cuireann COGG acmhainní teagaisc agus seirbhísí taca ar fáil do Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile araon.
Cóipcheart © 2013 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn
