Nuachtlitir #18: Meitheamh 2012

Margadh na míosa ar siopa.ie:
An Béal Bocht le Myles na gCopaleen
ar €7.99 (an gnáthphraghas: €9.99)


An Béal Bocht ar cheann de na leabhair Ghaeilge is cáiliúla a scríobhadh riamh. Tá cáil dhomhanda agus meas domhanda ar an úrscéal grinn seo de chuid Bhriain Uí Nualláin agus is teist mhaith é ar an saothar go bhfuil an-tóir air i gcónaí, bíodh is gur scríobhadh é os cionn seasca bliain ó shin. Bhí an leabhar as cló le tamall anuas ach cuireadh athchló air le déanaí.


Más mian leatsa an aoir fhíorghreannmhar seo a cheannach, téigh go siopa.ie anois!


Rachaidh an margadh seo in éag Dé hAoine, 31 Lúnasa 2012.