Nuachtlitir #19: Meán Fómhair 2012

Nasc na míosa


Le linn an tsamhraidh i mbliana, d’fhoilsigh Rannóg an Aistriúcháin leagan leasaithe den Chaighdeán Oifigiúil agus tá an leabhar ar díol sna siopaí ar €10. Tá PDF den fhoilseachán, a bhfuil Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil - Caighdeán Athbhreithnithe mar theideal air, le fáil ar líne agus, dá bhrí sin, tá sé inchuardaithe ach “Control” agus “F” a úsáid. Tá sé riachtanach go mbeadh eolas mion ar an gCaighdeán ag gach duine a bhíonn ag scríobh na Gaeilge go rialta.


Tá léirmheas scríofa ag an scoláire Antain Mac Lochlainn ar an treoir nua seo. Is é Antain eagarthóir www.aistear.ie, suíomh áiseanna d’aistritheoirí, d’eagarthóirí agus do gach duine a bhíonn ag scríobh i nGaeilge, agus is ar an suíomh sin atá an sliocht le fáil. “Léirmheas ar an Chaighdeán Oifigiúil, 2012” an teideal atá air agus is féidir é a léamh ach cliceáil anseo.


Tar éis duit an léirmheas thuasluaite a léamh, beidh tú in ann do chuid tuairimí a chur in iúl mar gheall air ach cliceáil ar an rannóg “Teagmháil” ar www.aistear.ie.