Dhá rang oíche saor in aisce!
Cuirfear tús le téarma an fhómhair de ranganna Gaeilge oíche Ghaelchultúir an tseachtain dar tosach 19 Meán Fómhair 2011. Cúrsa dhá sheachtain déag a bheidh i gceist agus gheobhaidh foghlaimeoirí a chuirfidh áit in áirithe roimh dheireadh mhí Lúnasa dhá cheann de na ranganna sin saor in aisce!