Tús an chúrsa | 5 Bealtaine 2021 |
Críoch an chúrsa | 7 Iúil 2021 |
Cathain | Dé Céadaoin, 7.00pm - 9.00pm (Am Caighdeánach Oirthearach) |
Seisiúin | 10 |
Praghas | €220 |
Leibhéal | Ardrang 1 |
Ionad | Ar Líne - Ar Líne |
Cuirfear tús le ranganna beo ar líne an tsamhraidh an tseachtain dar tosach 3 Bealtaine 2021. Freastalóidh na rannpháirtithe ar rang amháin dhá uair an chloig sa tseachtain ar feadh deich seachtaine.
Rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain thar deich seachtaine. 20 uair an chloig de ranganna ar fad. Athraíonn ábhar na ranganna ó chúrsa go cúrsa, mar sin is féidir le foghlaimeoir freastal ar na trí chúrsa sa tsraith.
Tá an rang seo dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha (cúrsaí reatha agus cúrsaí teicneolaíochta, cuir i gcás). Bíonn seans ag na rannpháirtithe cur lena saibhreas teanga, leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach agus roinnt mhaith léitheoireachta agus éisteachta a dhéanamh.