Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, 2021–2022

Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, 2021–2022
18 Mí
Dioplóma Iarchéime

Cur síos

Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán dírithe orthu siúd a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa sa teanga.


Torthaí foghlama

Seo thíos na torthaí foghlama a bheidh i gceist i gcás na mac léinn a n-éireoidh leo an clár a chríochnú go sásúil:
  • Beidh eolas cuimsitheach acu ar ghramadach na Gaeilge agus beidh ardscileanna scríofa acu sa teanga.
  • Beidh siad in ann réimse téacsanna Béarla a aistriú go Gaeilge agus beidh saineolas acu maidir le téacsanna dlí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
  • Beidh siad in ann a gcuid téacsanna féin agus téacsanna daoine eile a athbhreithniú.
  • Beidh cur amach acu ar réimse leathan áiseanna teicneolaíochta úsáideacha a bhaineann leis an nGaeilge agus leis an aistriúchán, agus beidh siad in ann leas éifeachtach a bhaint astu.
  • Beidh tuiscint acu ar theoiric an aistriúcháin.
  • Beidh léargas faighte acu ar ghairm an aistritheora agus beidh tuiscint acu ar ghnéithe praiticiúla den obair sin.
  • Beidh siad in ann réimse teicnící taighde agus fiosraithe a úsáid.
  • Beidh siad in ann gníomhú go gairmiúil i réimse leathan ról in earnáil an aistriúcháin agus in earnáil na Gaeilge.

  • Fad agus struchtúr ginearálta an chúrsa

    Maireann an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán trí sheimeastar nó cúig mhí dhéag ar fad. Cuirtear tús leis i lár mhí Mheán Fómhair agus tagann deireadh leis i mí na Nollag an bhliain dár gcionn. Tá an clár ag leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (www.nfq.ie) agus is fiú 60 creidiúint ECTS é. Bíonn an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar ar líne, de ranganna beo ar líne agus de léachtaí agus ranganna teagaisc sa seomra ranga. Bíonn na léachtaí agus na ranganna teagaisc ar siúl Satharn amháin sa mhí.

    Obair an chúrsa

    Bíonn fáil ag na mic léinn ar chúrsaí idirghníomhacha ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus bíonn siad in ann úsáid a bhaint as an ábhar seo agus iad ag ullmhú do na seisiúin sa seomra ranga agus do na ranganna beo ar líne. Bíonn sé úsáideach dóibh freisin agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar obair an chúrsa. Tugtar tascanna scríofa le déanamh do na mic léinn go rialta agus bíonn orthu na ceachtanna seo a sheoladh ar an ríomhphost chuig a dteagascóir. Cuirtear aiseolas mion ar fáil dóibh ar an ríomhphost. Bíonn roinnt ranganna beo ar líne i gceist i ngach seimeastar freisin agus is san oíche a bhíonn na ranganna seo ar siúl. Tugtar níos mó eolais do na mic léinn faoi na seisiúin bheo ar líne, agus faoi gach gné d’obair an chúrsa, i dtreoirleabhar a thugtar dóibh ag tús an chéad seimeastair. Bíonn eolas sa treoirleabhar freisin maidir leis na tionscadail a bhíonn le déanamh ag na mic léinn.

    Modúil an chúrsa

    Cruinneas agus Scríobh na Gaeilge (1, 2 agus 3)

    30 ECTS
    Dírítear sna modúil seo ar na gnéithe is tábhachtaí agus is lárnaí de ghramadach na Gaeilge. Féachtar le cumas Gaeilge na rannpháirtithe a fheabhsú trí réimse cleachtaí gramadaí a thabhairt le déanamh dóibh ina ndírítear ar phointí deacrachta sa teanga. Cuirtear béim láidir ar shaibhreas na Gaeilge agus ar an tábhacht a bhaineann le béarlachas a sheachaint. Dírítear ar chúrsaí poncaíochta agus ar chúrsaí eagarthóireachta chomh maith agus tugtar eolas do na mic léinn mar gheall ar na hacmhainní teicneolaíochta atá ar fáil dóibhsean a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.

    Scileanna Aistriúcháin (1, 2 agus 3)

    15 ECTS
    Is é aidhm an mhodúil seo cumas aistriúcháin na mac léinn a fhorbairt agus a fheabhsú. Cuirtear ar chumas na mac léinn déileáil go criticiúil anailíseach le fadhbanna a thagann chun cinn go minic san aistriúchán Béarla-Gaeilge, e.g. béarlagair, réim, bearnaí séimeantacha agus difríochtaí comhréire idir an dá theanga. Cuirtear béim ar an mbéarlachas agus conas é a sheachaint, agus pléitear na dúshláin a bhaineann le nuathéarmaíocht na Gaeilge agus aistriú coincheap ó Bhéarla go Gaeilge. Cuirtear béim faoi leith ar intuigtheacht agus ar an tábhacht a bhaineann leis an bpobal ar a bhfuil téacs dírithe a chur san áireamh agus aistriúchán á dhéanamh. Dírítear go príomha ar na cineálacha téacsanna is mó a aistrítear go Gaeilge i gcomhthéacsanna gairmiúla – tuarascálacha bliantúla agus scripteanna teilifíse, cuir i gcás – ach bíonn deis ag na mic léinn triail a bhaint as réimse leathan téacsanna eile a aistriú freisin, téacsanna liteartha ina measc.

    Teoiric an Aistriúcháin (1 agus 2)

    10 ECTS
    Sa mhodúl Teoiric an Aistriúcháin 1, scrúdaítear príomhghnéithe theoiricí comhaimseartha an aistriúcháin agus pléitear na cineálacha éagsúla aistriúcháin a oireann do sheánraí éagsúla téacsanna. Dírítear ar an gcritic aistriúcháin freisin chun tuiscint níos fearr a thabhairt do na mic léinn ar cad is ‘aistriúchán maith’ nó ‘drochaistriúchán’ ann. Tógtar ar ábhar an mhodúil thuas in Teoiric an Aistriúcháin 2, agus déanann na mic léinn tuilleadh staidéir ar an gcritic aistriúcháin agus ar theoiricí an aistriúcháin. Bíonn orthu anailís chriticiúil a dhéanamh ar chineálacha éagsúla téacsanna aistrithe i bhfianaise na dteoiricí sin féachaint cé chomh maith leo mar aistriúcháin agus mar théacsanna sprioctheanga. Baineann na mic léinn úsáid as ábhar an dá mhodúl thuas chun tabhairt faoi thionscadal taighde – aiste chritice ar shaothair liteartha a aistríodh ó Bhéarla go Gaeilge.

    Aistriúchán Dlíthiúil

    5 ECTS
    Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chur ar an eolas faoin aistriúchán dlíthiúil in Éirinn agus in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Díreofar ar na deacrachtaí a bhaineann le téacsanna den chineál seo a aistriú, ar chúrsaí réime agus stíle, ar cheisteanna bunreachtúla, ar fhasaigh, ar chinntí maidir le téarmaíocht agus ar intuigtheacht.

    Modúl Roghnach: Teicneolaíocht an Aistriúcháin

    - gan crediúintí ECTS
    Is é aidhm an mhodúil roghnaigh seo na mic léinn a chur ar an eolas mar gheall ar chuimhní aistriúcháin agus ar an úsáid a bhaintear astu in earnáil an aistriúcháin. Múinfear do na mic léinn conas úsáid éifeachtach a bhaint as bunachair théarmaíochta agus as bogearraí éagsúla a chuirfidh go mór le luas agus le caighdeán a gcuid oibre. Cuirfear béim faoi leith sa mhodúl seo ar an gcuimhne aistriúcháin memoQ. Freastalóidh na mic léinn ar dhá cheardlann lae, a bheidh ar siúl i lár chathair Bhaile Átha Cliath i mí an Mheithimh agus i mí Iúil 2022 (dátaí le socrú).

    Seachadadh an chúrsa

    Beidh léachtaí agus ranganna teagaisc an chúrsa ar siúl ar líne.

    Bróisiúr an chúrsa

    Riachtanais Iontrála agus Iarratas a chur isteach

    Cliceáil anseo

    Cur chuige múinteoireachta agus struchtúr an chursa

    De bhrí nach mbíonn ach líon teoranta daoine ag tabhairt faoin Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán, bíonn sé níos fusa ag na rannpháirtithe ceisteanna a chur ar na léachtóirí agus ar na teagascóirí. Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist sna léachtaí agus sna ranganna teagaisc araon agus, dá bhrí sin, bíonn deis ag na mic léinn páirt ghníomhach a ghlacadh sna seisiúin sin.

    Bíonn an fhoghlaim chumaisc i gceist sa chúrsa, is é sin, meascán den staidéar neamhspleách ar líne agus de ranganna beo ar líne. Bíonn na ranganna ar siúl oíche Aoine agus Dé Sathairn, uair amháin sa mhí.

    Foghlaim níos mó fúinn

    Ceisteanna Coitianta

    Beidh ríomhaire glúine nó deisce de dhíth ort, ceangal réasúnta leathanbhanda agus gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir).
    Cuirfear cuireadh chuig gach rang chugat ar an ríomhphost timpeall 20 nóiméad roimh thús an ranga sin. Tiocfaidh an teachtaireacht seo ó Zoom – sin an t-ardán físchomhdhála a bheidh in úsáid leis na ranganna a sholáthar.
    Beidh, cinnte. Tabharfar deis do gach foghlaimeoir tástáil theicniúil a dhéanamh sula dtosóidh an cúrsa agus déanfar aon fhadhbanna teicniúla a bheidh aige/aici a réiteach le linn na tástála sin. Ní gá duitse é seo a shocrú – beimidne i dteagmháil leat maidir leis an tástáil tar éis duit clárú don chúrsa.
    Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
    Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
    Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
    Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
    Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin. Tá na ranganna ag an mbunleibhéal agus ag meánleibhéal 1 bunaithe ar an dá leabhar sa tsraith Gaeilge gan Stró!, ach ní gá d’fhoghlaimeoirí sna ranganna sin na leabhair sin a cheannach. Nóta: Beidh an leabhar Gramadach gan Stró! le ceannach roimh ré acusan a bheidh ag freastal ar Chruinneas 1 agus ar Chruinneas 2. Beidh siad in ann an téacsleabhar sin a cheannach ar leathphraghas (€10), móide postas.
    I gcás na mbunranganna agus na meánranganna, beidh ceachtanna beaga scríofa i gceist ó am go chéile ach beidh an bhéim ar labhairt na teanga den chuid is mó. Múinfimid an ghramadach i gcomhthéacs, de réir mar a bheidh sí ag teastáil, agus féachfaimid i gcónaí gan an iomarca béime a chur uirthi. Beidh níos mó scríbhneoireachta agus gramadaí i gceist sna leibhéil is airde, go háirithe sna ranganna cruinnis.

    Téarmaí agus Coinníollacha

    • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
    • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
    • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
    • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
    • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
    • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
    • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
    • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.