Cúrsaí Gaeilge beo ar líne, Eanáir 2022
Cuir in áirithe
Tús an chúrsa 27 Eanáir 2022
Críoch an chúrsa 7 Aibreán 2022
Cathain Déardaoin, 7.00pm - 9.00pm (am na hÉireann)
Seisiúin 10
Praghas €220
Leibhéal Cruinneas sa Ghaeilge 1
Ionad Ar Líne - Ar Líne
Sonraí an chúrsa
Eolas faoin rang
Ionad
T&C

Beidh 8 leibhéal éagsúla á reáchtáil againn, mar sin is cuma má tá tú gafa leis an ngramadach nó díreach ag súil le cúpla focal a fhoghlaim - is cinnte go mbeidh cúrsa againn atá oiriúnach duitse agus do do chumas teanga féin.

San áireamh leis an gcúrsa seo:

• 20 uair an chloig de ranganna beo ar líne le saineolaí teanga
• Rochtain ar chúrsa ríomhfhoghlama ar ranganna.com (luach: €45)
• Lámhleabhar digiteach atá lán le hábhar foghlama ar ardchaighdeán

Chun freastal ar na ranganna beo ar líne, ní bheidh ag teastáil ach gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir), ríomhaire glúine nó deisce agus ceangal réasúnta leathanbhanda. Seolfar leabhrán digiteach chuig na foghlaimeoirí roimh thús an chúrsa agus beidh siad ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain.

Cúrsa iomlán ar líne atá i gceist rud a fhágfaidh go mbeidh deis ag daoine i ngach cearn den domhan tabhairt faoi. Bíonn sé mar sprioc againn ranganna spraíúla, taitneamhacha a chur ar fáil dár gcuid foghlaimeoirí. Agus iad ag freastal ar an rang, beidh deis ag na foghlaimeoirí lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal. Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang chomh maith.

Rang dhá uair an chloig, oíche sa tseachtain thar deich seachtaine. 20 uair an chloig de ranganna ar fad. Athraíonn ábhar na ranganna ó chúrsa go cúrsa, mar sin is féidir le foghlaimeoir freastal ar na trí chúrsa sa tsraith.

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • Más gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoi mheasúnú aghaidh ar aghaidh nó ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.