Múintear frása nua Gaeilge anseo gach lá. Chun frása an lae inniu a fheiceáil agus a chloisteáil, cliceáil ar an gcnaipe seinnte atá i lár an fhíseáin thíos.
![]() Gaillimh | ![]() Gaoth Dobhair | ![]() Baile Átha Cliath | ![]() Ciarraí |
Lá 1 | - Cén chaoi a bhfuil tú? - Tá mé go breá. | - How are you? - I’m fine. | Físeán |
Lá 2 | Is fada an lá ó chonaic mé tú. | I haven’t seen you in ages. | Físeán |
Lá 3 | Rugadh agus tógadh i gConamara mé. | I was born and raised in Conamara. | Físeán |
Lá 4 | Dé do bheathasa. | You’re welcome (used to greet someone on his/her arrival). | Físeán |
Lá 5 | Téim chuig rang Gaeilge oíche sa tseachtain. | I go to an Irish language class one night a week. | Físeán |
Lá 6 | - An mbeidh deoch an dorais agat? - Maith go leor. | - Will you have one for the road? - Okay. | Físeán |
Lá 7 | Tá sé an-dathúil. | He’s very good-looking. | Físeán |
Lá 8 | Bhí lá saoráideach agam san obair inné. | I had an easy day at work yesterday. | Físeán |
Lá 9 | - An bhfuil Gaeilge agat? - Tá – tá mé líofa. | - Do you have Irish? - Yes – I’m fluent. | Físeán |
Lá 10 | Tá mé ag siúl amach léi le bliain anuas. | I’m going out with her for the past year. | Físeán |
Lá 11 | Is mise an duine is sine sa chlann. | I’m the eldest in the family. | Físeán |
Lá 12 | Tá sé beartaithe agam dul go Páras don ndeireadh seachtaine. | I intend to go to Paris for the weekend. | Físeán |
Lá 13 | - Go raibh maith agat. - Go ndéana a mhaith duit. | - Thank you. - You’re welcome. | Físeán |
Lá 14 | Tá sé ard./Tá sí ard. | He’s tall./She’s tall. | Físeán |
Lá 15 | Braithim uaim go mór thú. | I really miss you. | Físeán |
Lá 16 | Táim ag maireachtaint i gCiarraí na laethanta seo. | I'm living in Kerry these days. | Físeán |
Lá 17 | Féachaim ar an teilifís gach oíche. | I watch television every night. | Físeán |
Lá 18 | - An bhfuil snámh agat? - Tá./Níl. | - Can you swim? - Yes./No. | Físeán |
Lá 19 | Tá mé i mo chónaí i nGaillimh le trí bliana anuas. | I’ve been living in Galway for the past three years. | Físeán |
Lá 20 | Bain súp as! | Enjoy it! | Físeán |
Lá 21 | Tá sé gaofar. | It’s windy. | Físeán |
Lá 22 | Tá dúil mhór agam sa ghrúpa sin. | I really like that group. | Físeán |
Lá 23 | Seachain do cheann! | Mind your head! | Físeán |
Lá 24 | Cén seoladh ríomhphoist atá agat? | What's your email address? | Físeán |
Lá 25 | Is Éireannach mé. | I’m Irish. | Físeán |
Lá 26 | Tá féith an cheoil ann./Tá féith an cheoil inti. | He’s musically talented./ She’s musically talented. | Físeán |
Lá 27 | Tá mé geallta le sé mhí anois. | I’ve been engaged for six months now. | Físeán |
Lá 28 | Níl aon chlann orm./Níl aon chlann orainn. | I have no children./We have no children. | Físeán |
Lá 29 | Tá mé i mo chónaí i m’aonar. | I live alone. | Físeán |
Lá 30 | Tá biseach ag teacht orm. | I’m getting better (i.e. recovering from an illness). | Físeán |
Lá 31 | Tá an-díomá orm. | I’m very disappointed. | Físeán |
Lá 32 | Ní dóigh liom é. | I don't think so. | Físeán |
Lá 33 | Is breá liom bia Iodálach. | I love Italian food. | Físeán |
Lá 34 | Tá súil agam go mbeidh tú ar do sheanléim arís gan mhoill. | I hope you’re back to yourself soon. | Físeán |
Lá 35 | Ádh mór, a Dhónaill. | Best of luck, Dónall. | Físeán |
Lá 36 | Gaelainn - Táim ag déanamh staidéir ar an nGaelainn. | Irish - I'm studying Irish. | Físeán |
Lá 37 | Tar isteach. Tá fáilte romhat. | Come in. You’re welcome. | Físeán |
Lá 38 | Donn ● Tá súile deasa donna aici. | Brown ● She has nice brown eyes. | Físeán |
Lá 39 | Tá fliú orm le cúpla lá anuas. | I’ve had the flu for the past few days. | Físeán |
Lá 40 | Tá guth binn agat. | You have a sweet voice. | Físeán |
Lá 41 | - An bhfuil tú saor san oíche amárach? - Tá. | - Are you free tomorrow night? - Yes. | Físeán |
Lá 42 | Tá sí an-dathúil. | She’s very good-looking. | Físeán |
Lá 43 | Beidh mé ag caint leat amárach. | I’ll be talking to you tomorrow. | Físeán |
Lá 44 | Ní raibh puinn daoine ansin. | There weren't many people there. | Físeán |
Lá 45 | Cén t-ainm atá ort? | What’s your name? | Físeán |
Lá 46 | Tá sí iontach dóighiúil. | She’s very pretty. | Físeán |
Lá 47 | Glaoigh orm nuair a gheobhaidh tú an deis. | Call me when you get the chance. | Físeán |
Lá 48 | Tá an geansaí sin siar is aniar ort. | That jumper is back to front on you. | Físeán |
Lá 49 | Is mise Sibéal – cén t-ainm atá ortsa? | I’m Sibéal – what’s your name? | Físeán |
Lá 50 | Bhris mé mo lámh. | I broke my arm/my hand. | Físeán |
Lá 51 | Níl páistí ar bith agam. | I have no children. | Físeán |
Lá 52 | Táim ag dul i dteannta le bean ó Luimneach. | I'm going out with a woman from Limerick. | Físeán |
Lá 53 | - Cén chaoi a bhfuil ag éirí leat? - Go maith. | - How are you getting on? - Very well. | Físeán |
Lá 54 | Ghoill sé go mór orm. | It really upset me. | Físeán |
Lá 55 | Is fear deas é. / Is bean dheas í. | He’s a nice man. / She’s a nice woman. | Físeán |
Lá 56 | - Conas atá* tú? - Táim cuibheasach. *pronounced 'tánn' | - How are you? - I'm reasonably good. | Físeán |
Lá 57 | Téim go dtí an phictiúrlann uair sa tseachtain. | I go to the cinema once a week. | Físeán |
Lá 58 | Thaitin an dráma go mór liom. | I really enjoyed the play. | Físeán |
Lá 59 | Deirfiúr. Seo í mo dheirfiúr Bríd. | Sister. This is my sister Bríd. | Físeán |
Lá 60 | Cá mbuailfidh mé leat? | Where will I meet you? | Físeán |
Lá 61 | Lig do scíth! | Relax! | Físeán |
Lá 62 | Tá mé ag obair ó dhubh go dubh. | I’m working from dawn to dusk (literally, from darkness to darkness). | Físeán |
Lá 63 | Tá mo lámh tinn. | My arm/hand is sore. | Físeán |
Lá 64 | Táim ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. | I'm attending University College Cork. | Físeán |
Lá 65 | Is páiste aonair mé. | I’m an only child. | Físeán |
Lá 66 | Tá mé ag súil go mór leis. | I’m really looking forward to it. | Físeán |
Lá 67 | Tá sí ard agus tanaí. | She’s tall and slim. | Físeán |
Lá 68 | Dún an doras sin - tá sé an-fhuar* istigh anseo. * pronounced 'ana-fhuar' | Close that door - it's very cold in here. | Físeán |
Lá 69 | Gabh mo leithscéal, an féidir leat é sin a rá arís, le do thoil? | Excuse me, can you repeat that, please? | Físeán |
Lá 70 | Tá díomá an domhain orm./Bhí díomá an domhain orm. | I’m really disappointed./I was really disappointed. | Físeán |
Lá 71 | Go maire sibh bhur nuaíocht. | Congratulations (e.g. on the birth of a baby). | Físeán |
Lá 72 | Tá an obair sin nach mór déanta agam. | I'm almost finished with that work. | Físeán |
Lá 73 | - Feicfidh mé amárach tú. – Maith go leor. | - I’ll see you tomorrow. - Okay. | Físeán |
Lá 74 | Tá scileanna maithe ríomhaireachta agam. | I have good computer skills. | Físeán |
Lá 75 | Sin é go díreach. | That’s it exactly. | Físeán |
Lá 76 | Ní fheadair ambaiste. | I don't know at all. | Físeán |
Lá 77 | Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas mé. | I’m originally from Dublin. | Físeán |
Lá 78 | Cuirfidh mé téacs chugat ar ball. | I’ll send you a text later. | Físeán |
Lá 79 | Seo do shláinte! | To your good health! | Físeán |
Lá 80 | Is mise an dara duine is sine sa chlann. | I'm the second eldest in the family. | Físeán |
Lá 81 | Is breá liom mo phost – tá sé an-suimiúil. | I love my job – it’s very interesting. | Físeán |
Lá 82 | Peil - Tá suim mhór agam sa pheil. | Football - I have a great interest in football. | Físeán |
Lá 83 | Tá sé an-bhrothallach. | It’s very humid. | Físeán |
Lá 84 | Tóg go bog é. | Take it easy. | Físeán |
Lá 85 | Tá beirt deartháireacha agam. | I have two brothers. | Físeán |
Lá 86 | Fuair mé ardú céime i mbliana/anuraidh/arú anuraidh. | I was promoted this year/last year/the year before last. | Físeán |
Lá 87 | Níl an dara rogha agam. / Ní raibh an dara rogha agam. | I have no choice. / I had no choice. | Físeán |
Lá 88 | - An bhfuil siúcra uait? - Tá./Níl. | - Do you want sugar? - Yes./No. | Físeán |
Lá 89 | Tá post lánaimseartha agam anois. | I have a full-time job now. | Físeán |
Lá 90 | Tá aimsir ar dóigh ann. | The weather is great. | Físeán |
Lá 91 | Cén chuma atá air? / Cén chuma atá uirthi? | What does he look like? / What does she look like? | Físeán |
Lá 92 | Tar isteach anseo nóiméad./Tagaigí isteach anseo nóiméad. | Come in here for a minute (speaking to one person)./Come in here for a minute (speaking to more than one person). | Físeán |
Lá 93 | Tá aimsir mhaith ann. | The weather is good. | Físeán |
Lá 94 | - Ar thaitin an scannán leat? - Thaitin./Níor thaitin. | - Did you enjoy the film? - Yes./No. | Físeán |
Lá 95 | Is mise an duine is óige sa chlann. | I’m the youngest in the family. | Físeán |
Lá 96 | Tá tinneas fiacaile orm. | I have a toothache. | Físeán |
Lá 97 | Éistim le ceol ar an raidió agus ar mo ghuthán. | I listen to music on the radio and on my phone. | Físeán |
Lá 98 | Nach méanar duit! | Lucky you! | Físeán |
Lá 99 | Bí i do thost! / Bígí in bhur dtost! | Be quiet! (sing.) / Be quiet! (pl.) | Físeán |
Lá 100 | Beidh mé thar n-ais an mhí seo chugainn. | I'll be back next month. | Físeán |
Lá 101 | Tá brón orm – níor thuig mé an cheist. | I’m sorry – I didn’t understand the question. | Físeán |
Lá 102 | Tá an ceantar seo go hálainn. | This area is lovely. | Físeán |
Lá 103 | Tá tinneas cinn orm ó mhaidin. | I have a headache since this morning. | Físeán |
Lá 104 | Is iad seo mo thuismitheoirí. | These are my parents. | Físeán |
Lá 105 | Tá mé pósta. | I’m married. | Físeán |
Lá 106 | Sin dea-scéala. | That’s good news. | Físeán |
Lá 107 | Go n-éirí go geal leat. / Go n-éirí go geal libh. | Best of luck. (sing.) / Best of luck. (pl.) | Físeán |
Lá 108 | Táim an-chúramach* an tseachtain seo. * pronounced 'ana-chúramach' | I'm very busy this week. | Físeán |
Lá 109 | Tá mé ag obair in oifig. Is breá liom an post. | I’m working in an office. I love the job. | Físeán |
Lá 110 | Táimid mór le chéile le fada anois. | We’ve been friends for a long time now. | Físeán |
Lá 111 | Bhí tintreach agus toirneach ann ar maidin. | There was thunder and lightning this morning. | Físeán |
Lá 112 | Cuirfead téacs chugat láithreach. | I'll send you a text later. | Físeán |
Lá 113 | Tá mé tuirseach. / Tá mé an-tuirseach. | I’m tired. / I’m very tired. | Físeán |
Lá 114 | Coicís - Bhí mé ansin ar feadh coicíse. | Fortnight - I was there for a fortnight. | Físeán |
Lá 115 | Chuir sé isteach go mór orm. | It really bothered me. | Físeán |
Lá 116 | Tá seanbhlas* air. * pronounced 'seana-bhlas' | It has a bad taste. | Físeán |
Lá 117 | Tá mé colscartha. | I’m divorced. | Físeán |
Lá 118 | Tá sé doineanta inniu. | It’s stormy today. | Físeán |
Lá 119 | - An bhfuil tú go maith? – Tá mé go breá, go raibh maith agat. | - Are you well? – I’m fine, thank you. | Físeán |
Lá 120 | Ní aontaím leat. | I don't agree with you. | Físeán |
Lá 121 | Labhraím le mo chairde ar Skype cúpla uair sa tseachtain. | I speak to my friends on Skype a few times a week. | Físeán |
Lá 122 | - An bhfuil aithne agat ar Bhríd? - Tá./Níl. | - Do you know Bríd? - Yes./No. | Físeán |
Lá 123 | Cuirigí oraibh bhur gcuid éadaí agus nígí bhur n-aghaidh. | Put on your clothes and wash your faces. | Físeán |
Lá 124 | Tá sé i gceist agam seachtain a chaitheamh sa Spáinn. | I intend to spend a week in Spain. | Físeán |
Lá 125 | Tá mé féinfhostaithe. / Tá mé dífhostaithe. | I’m self-employed. / I’m unemployed. | Físeán |
Lá 126 | - An bhfuil ocras ort? - Tá./Níl. | - Are you hungry? - Yes./No. | Físeán |
Lá 127 | Bolg. Tá pian i mo bholg. | Stomach. I have a pain in my stomach. | Físeán |
Lá 128 | Mo ghraidhin go deo thú. | You poor thing. | Físeán |
Lá 129 | - Ar mhaith leat dul chuig liom oíche Dé Domhnaigh? - Ba bhreá liom. | - Would you like to go to a film with me on Sunday night? - I’d love to. | Físeán |
Lá 130 | - Cad é mar atá tú? - Tá mé go breá./Níl caill ar bith orm. | - How are you? - I'm fine./I'm not bad. | Físeán |
Lá 131 | Níl deartháir ná deirfiúr ar bith agam. | I have no brothers or sisters. | Físeán |
Lá 132 | Cailleadh é aréir./Cailleadh í aréir. | He passed away last night./She passed away last night. | Físeán |
Lá 133 | Tá triúr deirfiúracha agam. | I have three sisters. | Físeán |
Lá 134 | Bhí mé trína chéile. | I was upset. | Físeán |
Lá 135 | Droim. Tá pian i mo dhroim. | Back. I have a pain in my back. | Físeán |
Lá 136 | Bhí tromluí orm aréir. | I had a nightmare last night. | Físeán |
Lá 137 | Éirím ag a hocht a chlog gach maidin agus téim ag obair ag a naoi. | I get up at eight o’clock every morning and I go to work at nine. | Físeán |
Lá 138 | Tá an ceart agat. | You're right. | Físeán |
Lá 139 | Go maire sibh bhur saol nua. | Congratulations (said to newly-weds). | Físeán |
Lá 140 | Is aoibhinn liom ceol clasaiceach. | I love classical music. | Físeán |
Lá 141 | Is breá liom fíon geal. Ní maith liom fíon dearg. | I love white wine. I don’t like red wine. | Físeán |
Lá 142 | Tá post buan agam. | I have a permanent job. | Físeán |
Lá 143 | Is fíor duit. | You’re right. | Físeán |
Lá 144 | Is duine muinteartha é Seán. | Seán is a friendly person. | Físeán |
Lá 145 | Tá lá deas ann. Tá sé an-te. | It’s a nice day. It’s very warm. | Físeán |
Lá 146 | Codladh sámh. | Sleep tight. | Físeán |
Lá 147 | Tá sé go deas bualadh libh. | It’s nice to meet you (speaking to more than one person). | Físeán |
Lá 148 | Bhí lá faoin* dtor againn inné. *pronounced ‘fén’ | We had an idle day yesterday (literally, a day under the bush). | Físeán |
Lá 149 | - Tá sé go deas bualadh leat. - Tá sé go deas bualadh leatsa freisin. | -It’s nice to meet you. – It’s nice to meet you too. | Físeán |
Lá 150 | Tá an béile seo an-bhlasta. | This meal is very tasty. | Físeán |
Lá 151 | Abair leis go raibh mé ag cur a thuairisce./Abair léi go raibh mé ag cur a tuairisce. | Tell him I was asking for him./Tell her I was asking for her. | Físeán |
Lá 152 | Tá guth binn aige./Tá guth binn aici. | He has a sweet voice./She has a sweet voice. | Físeán |
Lá 153 | Tá póit orm. Tá mé an-tinn. | I have a hangover. I’m very sick. | Físeán |
Lá 154 | Sin drochscéala. | That's bad news. | Físeán |
Lá 155 | Dia linn! | God bless you (said when someone sneezes)! | Físeán |
Lá 156 | Táim bailithe den leabhar seo. | I'm sick of this book. | Físeán |
Lá 157 | Tá mé ag obair in ollmhargadh. Ní maith liom an post – tá sé leadránach. | I work in a supermarket. I don’t like the job – it’s boring. | Físeán |
Lá 158 | Is mór an trua sin. | That's a great pity. | Físeán |
Lá 159 | Tá scornach thinn orm. | I have a sore throat. | Físeán |
Lá 160 | Tá sé imithe le haer an tsaoil. | He's off enjoying himself. | Físeán |
Lá 161 | Gabh mo leithscéal – níl mórán Gaeilge agam. | Excuse me – I don’t speak much Irish. | Físeán |
Lá 162 | Lá breithe sona duit. | Happy birthday (to you). | Físeán |
Lá 163 | Tá gruaig fhada dhubh uirthi. | She has long black hair. | Físeán |
Lá 164 | Sláinte na bhfear agus go maire na mná go deo! | Health to the men and may the women live forever! | Físeán |
Lá 165 | Tá ocras orm. / Tá mé stiúgtha leis an ocras. | I’m hungry. / I’m starving. | Físeán |
Lá 166 | Tá féasóg fhada liath air. | He has a long grey beard. | Físeán |
Lá 167 | Tá an ceart ar fad agat. | You’re dead right. | Físeán |
Lá 168 | Cara - Is í seo mo chara Aoife. | Friend - This is my friend Aoife. | Físeán |
Lá 169 | Tá mé i mo chónaí i gCorcaigh. | I live in Cork. | Físeán |
Lá 170 | Tá mé go mór in éad leat. | I'm really jealous of you. | Físeán |
Lá 171 | Tá mé uaigneach gan tú. | I’m lonely without you. | Físeán |
Lá 172 | Is fear ciotrúnta é./Is bean chiotrúnta í. | He's a contrary man./She's a contrary woman. | Físeán |
Lá 173 | Tá mé i mo chónaí le mo bhuachaill. / Tá mé i mo chónaí le mo chailín. | I live with my boyfriend. / I live with my girlfriend. | Físeán |
Lá 174 | Níl suim ar bith agam sa rugbaí. | I have no interest in rugby. | Físeán |
Lá 175 | Bhain sé geit asam. | He/it startled me. | Físeán |
Lá 176 | Bhí Síle anseo inné/arú inné/ag an deireadh* seachtaine. *pronounced 'ndeireadh' | Síle was here yesterday/the day before yesterday/at the weekend. | Físeán |
Lá 177 | - Cad ba mhaith leat a ól? - Pionta, le do thoil. | - What would you like to drink? - A pint, please. | Físeán |
Lá 178 | An bhfuil fonn ort deoch a ól? | Do you feel like having a drink? | Físeán |
Lá 179 | Is daoine deasa iad. | They’re nice people. | Físeán |
Lá 180 | Is mise an dara duine is óige sa chlann. | I'm the second youngest in the family. | Físeán |
Lá 181 | Tá mé an-tógtha leat. | I’m very taken with you. | Físeán |
Lá 182 | Cuirfidh mé ríomhphost chugat ar ball. | I'll send you an email later. | Físeán |
Lá 183 | Go n-éirí an t-ádh leat./Go n-éirí an t-ádh libh. | Good luck (speaking to one person). / Good luck (speaking to more than one person). | Físeán |
Lá 184 | Fan bog anois. | Hold on a moment./Take it easy. | Físeán |
Lá 185 | - An bhfuil tú pósta? - Tá./Níl. - An bhfuil tusa pósta? | - Are you married? - Yes./No. - Are you married? | Físeán |
Lá 186 | Tá post sealadach agam. | I have a temporary job. | Físeán |
Lá 187 | - Cén t-am atá sé? - Tá sé ceathrú tar éis a haon. | - What time is it? - It’s a quarter past one. | Físeán |
Lá 188 | Mo cheol thú! | Good on you! | Físeán |
Lá 189 | Is breá liom snagcheol. | I love jazz (music). | Físeán |
Lá 190 | Chuaigh muid ar an drabhlás. Chuaigh siad ar an drabhlás. | We went on the tear/on a bender. They went on the tear/on a bender. | Físeán |
Lá 191 | Tá súile deasa gorma aige. | He has nice blue eyes. | Físeán |
Lá 192 | Oscail an fhuinneog sin - tá sé an-te* istigh anseo. *pronounced 'ana-the' | Open that window - it's very warm in here. | Físeán |
Lá 193 | Tá sé fliuch. / Tá sé tirim. | It’s wet. / It’s dry. | Físeán |
Lá 194 | Tá sé daor./Tá sé an-daor. | It's expensive./It's very expensive. | Físeán |
Lá 195 | Tá mé idir dhá chomhairle./Bhí mé idir dhá chomhairle. | I’m between two minds./I was between two minds. | Físeán |
Lá 196 | Níl aon léamh ort. | There's no figuring you out. | Físeán |
Lá 197 | Is as Baile Átha Cliath mise – cé as tusa? | I’m from Dublin – where are you from? | Físeán |
Lá 198 | Ádh mór. Chífidh mé amárach tú. | Good luck. I'll see you tomorrow. | Físeán |
Lá 199 | Bhí mé trína chéile mar gheall air. | I was upset about it. | Físeán |
Lá 200 | Oíche mhaith. Codladh sámh. | Good night. Sleep tight. | Físeán |
Lá 201 | Téim ag snámh agus ag rith go minic. | I go swimming and running often. | Físeán |
Lá 202 | Bhain mé céim amach anuraidh. | I completed a degree last year. | Físeán |
Lá 203 | Deartháir. Seo é mo dheartháir Peadar. | Brother. This is my brother Peadar. | Físeán |
Lá 204 | - Cén aois* do mhac? - Tá sé bliain d'aois**/dhá bhliain/trí bliana/ceithre bliana/cúig bliana/sé bliana. *pronounced 't-aos' **pronounced 'd'aos' | - What age is your son? - He's one year old/two years/three years/four years/five years/six years. | Físeán |
Lá 205 | Ní maith liom bia Indiach – tá sé ró-spíosrach. | I don’t like Indian food – it’s too spicy. | Físeán |
Lá 206 | Cad é do bharúil? | What do you think? | Físeán |
Lá 207 | Ná bí dána./Ná bígí dána. | Don’t be bold. (sing.)/Don’t be bold. (pl.) | Físeán |
Lá 208 | Tá an-dealramh* agat le d'athair. *pronounced 'ana-dhealramh' | You look very like your father. | Físeán |
Lá 209 | Tá sé ag stealladh báistí. | It’s pouring rain. | Físeán |
Lá 210 | An bhfuil scéal nuachta ar bith agat? | Do you have any news? | Físeán |
Lá 211 | Cos. Tá mo chois an-tinn. | Foot/leg. My foot/leg is very sore. | Físeán |
Lá 212 | Níl gíog ná míog as an leanbh./Ní raibh gíog ná míog as an leanbh. | There isn't a peep out of the baby./There wasn't a peep out of the baby. | Físeán |
Lá 213 | Tá mo chroí istigh ionat. | I’m mad about you (literally, my heart is in you). | Físeán |
Lá 214 | Bhí fearthainn throm ann ar maidin. | There was heavy rain this morning. | Físeán |
Lá 215 | Téim chuig ceolchoirmeacha anois is arís. | I go to concerts now and again. | Físeán |
Lá 216 | - Conas atá* tú? - Táim go diail. *pronounced 'tánn' | - How are you? - I'm great. | Físeán |
Lá 217 | Oíche mhaith. Slán abhaile. | Goodnight. Safe home. | Físeán |
Lá 218 | Níor chuir sé isteach ná amach orm. | It didn't bother me at all. | Físeán |
Lá 219 | Táimid scartha óna chéile le bliain go leith anois. | We’ve been separated from each other for a year and a half now. | Físeán |
Lá 220 | Éirigh as!/Éirígí as! | Stop it (speaking to one person)!/Stop it (speaking to more than one person)! | Físeán |
Lá 221 | Tá mé ag roinnt tí le triúr eile. | I’m sharing a house with three others. | Físeán |
Lá 222 | Níor thaitin an ceol liom ar chor ar bith. | I didn't like the music at all. | Físeán |
Lá 223 | Tá sé beag agus ramhar. | He’s small and fat. | Físeán |
Lá 224 | - Cén uimhir ghutháin atá agat? - Náid/a haon/a dó/a trí/a ceathair/a cúig/a sé/a seacht/a hocht/a naoi | - What's your phone number? - Zero/one/two/three/four/five/ six/seven/eight/nine | Físeán |
Lá 225 | Slán agat. / Slán leat. / Slán go fóill. | Goodbye (said to the person staying). / Goodbye (said to the person leaving). / Goodbye for now. | Físeán |
Lá 226 | Tá mé ag teacht chugam féin. | I'm recovering. | Físeán |
Lá 227 | Tá slaghdán orm. | I have a cold. | Físeán |
Lá 228 | Cara - Seo é mo chara Diarmuid. | (A) friend - This is my friend Diarmuid. | Físeán |
Lá 229 | Tá mé i mo chónaí in árasán le beirt eile. | I’m living in an apartment with two others. | Físeán |
Lá 230 | Siúil leat! Táimid mall. | Let's go! We're late. | Físeán |
Lá 231 | Feicfidh mé tú ar ball./Feicfidh mé tú níos deireanaí. | I’ll see you later. | Físeán |
Lá 232 | Ná tóg aon cheann dó./Ná tóg aon cheann di. | Don't mind him./Don't mind her. | Físeán |
Lá 233 | Tá Fraincis líofa agam. | I speak fluent French. | Físeán |
Lá 234 | Caith siar é agus ná lig aniar é! | Drink up (literally, throw it back and don't let it back up again)! | Físeán |
Lá 235 | Chuir sé ionadh an domhain orm. | It really surprised me. | Físeán |
Lá 236 | Comhghairdeas leat!/Comhghairdeas libh! | Congratulations (speaking to one person)!/Congratulations (speaking to more than one person)! | Físeán |
Lá 237 | Tá mé te. / Tá mé an-te. | I’m warm. / I’m very warm. | Físeán |
Lá 238 | Tá blagaid air nó Tá sé maol. | He's bald. | Físeán |
Lá 239 | Bhog mé go Gaillimh nuair a bhí mé ocht mbliana déag. | I moved to Galway when I was eighteen. | Físeán |
Lá 240 | Táim tugtha traochta. | I'm absolutely exhausted. | Físeán |
Lá 241 | Is tú grá geal mo chroí. | You’re my sweetheart (literally, the bright love of my heart). | Físeán |
Lá 242 | Bhí mé ag caint leis aréir/inné/arú inné/ag an deireadh seachtaine. | I was talking to him last night/yesterday/the day before yesterday/at the weekend. | Físeán |
Lá 243 | Bhí mé súgach/ar meisce/ar deargmheisce. | I was tipsy/drunk/really drunk. | Físeán |
Lá 244 | Níl blas ródheas air. | It doesn't taste very nice. | Físeán |
Lá 245 | - Cé mhéad deartháir atá agat? - Triúr. | - How many brothers do you have? - Three. | Físeán |
Lá 246 | Tá aithne agam uirthi le cúig bliana/le deich mbliana/le fiche bliain. | I've known her for five years/for ten years/for twenty years. | Físeán |
Lá 247 | Tá gruaig ghairid fhionn uirthi. | She has short blonde hair. | Físeán |
Lá 248 | Mí - Bhíos ansin ar feadh míosa. | (A) month - I was there for a month. | Físeán |
Lá 249 | Tá mé i mo chónaí faoin tuath. / Tá mé i mo chónaí cois farraige. | I live in the country. / I live beside the sea. | Físeán |
Lá 250 | - Ar mhaith leat deoch eile? - Cinnte./Níor mhaith. | - Would you like another drink? - Sure./No. | Físeán |
Lá 251 | Tá mé ag súil go mór le tú a fheiceáil arís. | I’m really looking forward to seeing you again. | Físeán |
Lá 252 | Níl aon dabht mar gheall air. | There's no doubt about it. | Físeán |
Lá 253 | - An mbeidh deoch agat? - Gloine fíona, le do thoil. | - Will you have a drink? - A glass of wine, please. | Físeán |
Lá 254 | Tá sé saor./Tá sé an-saor. | It's cheap./It's very cheap. | Físeán |
Lá 255 | Lá Altaithe sona duit!/ Lá Altaithe sona daoibh! | Happy Thanksgiving (addressing one person)!/ Happy Thanksgiving (addressing more than one person)! | Físeán |
Lá 256 | Feicfidh mé tú ag a haon a chlog/a dó a chlog/a trí a chlog/a ceathair a chlog/a cúig a chlog/a sé a chlog. | I’ll see you at one o’clock/two o’clock/three o’clock/four o’clock/five o’clock/six o’clock. | Físeán |
Lá 257 | Beidh mé* thar n-ais Dé Luain seo chugainn. *pronounced 'béad' | I'll be back next Monday. | Físeán |
Lá 258 | - An maith leat bia Francach? - Is breá liom é. | - Do you like French food? - I love it. | Físeán |
Lá 259 | Tá lámh agus focal eadrainn./Tá lámh agus focal eatarthu. | We're engaged (literally, there's a hand and a word/promise between us)./They're engaged (literally, there's a hand and a word/promise between them). | Físeán |
Lá 260 | Tá sé leathuair tar éis a haon/a dó/a trí/a ceathair/a cúig/a sé. | It’s half past one/two/three/four/five/six. | Físeán |
Lá 261 | Beidh Pádraig thar n-ais amárach/arú amárach/an tseachtain seo chugainn. | Pádraig will be back tomorrow/the day after tomorrow/next week. | Físeán |
Lá 262 | - Cé mhéad páiste atá agat? - Duine amháin. - Cé mhéad páiste atá agatsa? - Beirt. / Triúr. / Ceathrar. | - How many children do you have? - One. - How many children do you have? - Two. / Three. / Four. | Físeán |
Lá 263 | Tá sé tanaí./Tá sí tanaí. | He's thin./She's thin. | Físeán |
Lá 264 | Feicfidh mé tú ag a seacht a chlog/a hocht a chlog/a naoi a chlog/a deich a chlog/a haon déag a chlog/a dó dhéag a chlog. | I’ll see you at seven o’clock/eight o’clock/nine o’clock/ten o’clock/eleven o’clock/twelve o’clock. | Físeán |
Lá 265 | - Cén aois* d'iníon? - Tá sí sé bliana/seacht mbliana/ocht mbliana/naoi mbliana/deich mbliana *pronounced 't-aos' | - What age is your daughter? - She's six/seven/eight/nine/ten (years) | Físeán |
Lá 266 | - An maith leat ceol clasaiceach? - Ní maith. | - Do you like classical music? – No. | Físeán |
Lá 267 | Tá sin fíor. or Tá sé sin fíor. | That's true. | Físeán |
Lá 268 | Tá sé leathuair tar éis a seacht/a hocht/a naoi/a deich/a haon déag/a dó dhéag. | It’s half past seven/eight/nine/ten/eleven/twelve. | Físeán |
Lá 269 | Is breá an uain í. | The weather is lovely. | Físeán |
Lá 270 | Tá Gaeilge, Béarla agus Spáinnis agam. | I speak Irish, English and Spanish. | Físeán |
Lá 271 | Ceol traidisiúnta - Tá dúil mhór agam sa cheol traidisiúnta. | Traditional music - I really like traditional music. | Físeán |
Lá 272 | - Cén t-am atá sé? - Tá sé beagnach ceathrú chun a dó. | - What time is it? - It’s almost a quarter to two. | Físeán |
Lá 273 | Táim ag dul go Sasana ag deireadh na míosa. | I'm going to England at the end of the month. | Físeán |
Lá 274 | Tá deartháir amháin agus deirfiúr amháin agam. | I have one brother and one sister. | Físeán |
Lá 275 | Glúin - Ghortaigh mé mo ghlúin. | Knee - I hurt my knee. | Físeán |
Lá 276 | - Cén post atá agat? - Is múinteoir mé. / Is dochtúir mé. / Is mac léinn mé. | - What job do you have? - I’m a teacher. / I’m a doctor. / I’m a student. | Físeán |
Lá 277 | - An dtaitníonn ceol clasaiceach leat? - Taitníonn./Ní thaitníonn. | - Do you like classical music? - Yes./No. | Físeán |
Lá 278 | An bhfuil siopadóireacht na Nollag ar fad déanta agat? | Have you done all your Christmas shopping? | Físeán |
Lá 279 | An gcuirfeá na bronntanais faoin gcrann Nollag, le do thoil? Agus seachain na maisiúcháin! | Would you put the presents under the Christmas tree, please? And mind the decorations! | Físeán |
Lá 280 | Tá turcaí, liamhás, maróg Nollag agus páipéar beartán le ceannach agam go fóill agus níl ach trí lá fágtha go dtí Lá Nollag! | I have to buy a turkey, a ham, a Christmas pudding and wrapping paper yet and there are only three days left until Christmas Day! | Físeán |
Lá 281 | Beannachtaí na Nollag ort!/Beannachtaí na Nollag oraibh! | Season's greetings (addressing one person)!/Season's greetings (addressing more than one person)! | Físeán |
Lá 282 | Téigh a chodladh go luath anocht! Tá Daidí na Nollag ar a bhealach! | Go to sleep early tonight! Santa is on his way! | Físeán |
Lá 283 | Nollaig shona duit!/Nollaig shona daoibh! Gurab amhlaidh duit./Gurab amhlaidh daoibh. | Merry Christmas (addressing one person)!/Merry Christmas (addressing more than one person)! Same to you (addressing one person)./Same to you (addressing more than one person). | Físeán |
Lá 284 | Tá Lá Fhéile Stiofáin chomh leadránach sin! | St. Stephen's Day is so boring! | Físeán |
Lá 285 | Cé a d'ith na seacláidí ar fad? | Who ate all the chocolates? | Físeán |
Lá 286 | Ná habair go bhfuil an scannán sin ar siúl arís! | Don't tell me that that film is on again! | Físeán |
Lá 287 | Níl mé ag iarraidh ceapaire turcaí a fheiceáil go deo arís! Táim bréan díobh! | I don't ever want to see a turkey sandwich again! I'm sick of them! | Físeán |
Lá 288 | Céard a bheidh ar siúl agat Oíche Chinn Bliana? Céard a bheidh ar siúl agat Lá Caille? | What are you doing on New Year's Eve? What are you doing on New Year's Day? | Físeán |
Lá 289 | Athbhliain faoi mhaise duit!/Athbhliain faoi mhaise daoibh! | Happy New Year (addressing one person)!/Happy New Year (addressing more than one person)! | Físeán |
Lá 290 | Go mbeirimid beo ar an am seo arís. | May we live to see this time of year again. | Físeán |
Lá 291 | An bhfuil aon rúin déanta agat don Bhliain Nua? | Have you made any New Year's resolutions? | Físeán |
Lá 292 | Tá mise chun a bheith níos aclaí i mbliana. | I'm going to be fitter this year. | Físeán |
Lá 293 | Táim tar éis éirí as an aiste bia cheana féin! | I've given up on the diet already! | Físeán |
Lá 294 | Ádh mór ort sa bhliain atá amach romhainn. | Best of luck in the year ahead. | Físeán |
Lá 295 | Oíche Nollaig na mBan shona duit!/Oíche Nollaig na mBan shona daoibh! | Happy Women's Christmas/Little Christmas (addressing one person)!/Happy Women's Christmas/Little Christmas (addressing more than one person)! | Físeán |
Lá 296 | Tá an-dealramh* aige lena athair. *pronounced 'ana-dhealramh' | He looks very like his father. | Físeán |
Lá 297 | Tá mé i mo chónaí i lár na cathrach / ar imeall na cathrach / i mbaile beag. | I live in the city centre / on the edge of the city / in a small town. | Físeán |
Lá 298 | Tá meas mór agam air./Tá meas mór agam uirthi. | I have great respect for him./I have great respect for her. | Físeán |
Lá 299 | - An bhfuil ceol agat? - Tá. | - Are you musical? - Yes. | Físeán |
Lá 300 | Táim ag dul go Londain Dé Luain/Dé Máirt/Dé Céadaoin/Déardaoin/Dé hAoine/Dé Sathairn/Dé Domhnaigh. | I'm going to London on Monday/Tuesday/Wednesday/Thursday/ Friday/Saturday/Sunday. | Físeán |
Lá 301 | Tá drochlá ann. Tá sé an-fhuar. | It’s a bad day. It’s very cold. | Físeán |
Lá 302 | - Cé as tú? - As Tír Chonaill mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath anois. | - Where are you from? - I'm from Donegal but I'm living in Dublin now. | Físeán |
Lá 303 | - Cé mhéad deirfiúr atá agat? - Ceathrar. | - How many sisters do you have? - Four. | Físeán |
Lá 304 | Tá bua an cheoil agat. | You've got a talent for music. | Físeán |
Lá 305 | Níl mé pósta. Tá mé singil. | I’m not married. I’m single. | Físeán |
Lá 306 | Ith do dhinnéar./Ithigí bhur ndinnéar. | Eat your dinner (addressing one person)./Eat your dinner (addressing more than one person). | Físeán |
Lá 307 | - An maith leat ceol traidisiúnta? – Is maith. | - Do you like traditional music? – Yes. | Físeán |
Lá 308 | Tá goimh air liom./Tá goimh uirthi liom. | He's annoyed with me./She's annoyed with me. | Físeán |
Lá 309 | Seinnim an giotár agus an fhidil. | I play the guitar and the fiddle. | Físeán |
Lá 310 | Cuirfidh mé scairt ort i gceann leathuaire. | I'll call you in half an hour. | Físeán |
Lá 311 | Tá mé dúnta i ngrá leis. / Tá mé dúnta i ngrá léi. | I’m head over heels in love with him. / I’m head over heels in love with her. | Físeán |
Lá 312 | Táim buíoch díot./Táim buíoch díbh. | I'm grateful to you (speaking to one person)./I'm grateful to you (speaking to more than one person). | Físeán |
Lá 313 | Is fuath liom ceol tuaithe. | I hate country music. | Físeán |
Lá 314 | - Cad é mar atá tú? - Tá mé go maith. Agus tú féin? - Tá mé go breá. | - How are you? - I'm well. And yourself? - I'm fine. | Físeán |
Lá 315 | Tá beagán Iodáilise agam. | I speak some Italian. | Físeán |
Lá 316 | Is breá liom a ghuth./Is breá liom a guth. | I love his voice./I love her voice. | Físeán |
Lá 317 | Tá ceol agam. | I’m musical. | Físeán |
Lá 318 | Tá mé ag déanamh staidéir ar an stair agus ar an tíreolaíocht. | I'm studying history and geography. | Físeán |
Lá 319 | Tá mé fuar. / Tá mé an-fhuar. | I’m cold. / I’m very cold. | Físeán |
Lá 320 | Mac léinn is ea mé. | I'm a student. | Físeán |
Lá 321 | Tá an Ghearmáinis ar mo thoil agam. | I speak fluent German. | Físeán |
Lá 322 | Tá cumha orm. | I'm lonely. | Físeán |
Lá 323 | - Cé mhéad teanga atá agat? - Trí cinn: Béarla, Fraincis agus Gaeilge. | - How many languages do you speak? - Three: English, French and Irish. | Físeán |
Lá 324 | - An bhfuil bainne uait? - Braon beag, le do thoil. | - Do you want milk? - A little drop, please. | Físeán |
Lá 325 | Níl teangacha iasachta ar bith agam. | I don’t speak any foreign languages. | Físeán |
Lá 326 | Tá aithne mhaith agam air./Tá aithne mhaith agam uirthi./Tá aithne mhaith agam orthu. | I know him well./I know her well./I know them well. | Físeán |
Lá 327 | - An maith leat do phost? - Is maith. / Ní maith. | - Do you like your job? - Yes. / No. | Físeán |
Lá 328 | Tá bua na dteangacha aige./Tá bua na dteangacha aici. | He has a talent for languages./She has a talent for languages. | Físeán |
Lá 329 | Tá post páirtaimseartha agam i siopa. | I have a part-time job in a shop. | Físeán |
Lá 330 | Táimid cúig bliana/deich mbliana/fiche bliain pósta i mbliana. | We're five years/ten years/twenty years married this year. | Físeán |
Lá 331 | Tá tart orm. / Tá mé spalptha leis an tart. | I’m thirsty. / I’m parched. | Físeán |
Lá 332 | Bhí an-chleachtadh* agam ag an bhféile. *pronounced 'ana-chleachtadh' | I had a great time at the festival. | Físeán |
Lá 333 | Sláinte!/Sláinte mhór! | Cheers!/Good health! | Físeán |
Lá 334 | Lá San Vailintín sona duit, a stór/a thaisce/a rún/a ghrá geal mo chroí. | Happy Valentine's Day, my darling/my dear/my dear/my sweetheart. | Físeán |
Lá 335 | Cuir téacs chugam nuair a bheidh tú saor. | Send me a text when you're free. | Físeán |
Lá 336 | Bí ciúin!/Bígí ciúin! | Be quiet (speaking to one person)!/Be quiet (speaking to more than one person)! | Físeán |
Lá 337 | Tá an sciorta sin isteach is amach ort. | That skirt is inside out on you. | Físeán |
Lá 338 | A stór./A thaisce./A rún. | My darling./My dear./My dear. | Físeán |
Lá 339 | Téanam ort. | Let's go. | Físeán |
Lá 340 | Tá sé ramhar./Tá sí ramhar. | He's fat./She's fat. | Físeán |
Lá 341 | Tá deabhadh orm. | I'm in a hurry. | Físeán |
Lá 342 | Níl dúil ar bith agam ann. | I don't like it at all. | Físeán |
Lá 343 | Táim cuibheasach gan a bheith maíteach. | I'm reasonably well (literally, I'm middling without having anything to boast about). | Físeán |
Lá 344 | Cos - Bhris mé mo chos. | Leg - I broke my leg. | Físeán |
Lá 345 | An gcodlaís go maith?/An raibh codladh maith agat? | Did you sleep well?/Did you have a good sleep? | Físeán |
Lá 346 | Seachtain - Bhí mé ansin ar feadh seachtaine. | (A) week - I was there for a week. | Físeán |
Lá 347 | Nach aoibhinn an gearrchaile thú!/Nach aoibhinn an garsún thú! | Aren't you a lovely girl!/Aren't you a lovely boy! | Físeán |
Lá 348 | Braithim uaim go mór í. | I really miss her. | Físeán |
Lá 349 | Brostaigh ort!/Brostaígí oraibh! | Hurry up (speaking to one person)!/Hurry up (speaking to more than one person)! | Físeán |
Lá 350 | Beidh mé ar ais i gceann leathuaire/i gceann uair an chloig/i gceann dhá uair an chloig. | I'll be back in half an hour/in an hour/in two hours. | Físeán |
1 | Go n-éirí an bóthar fút. | May the road rise under you. | Físeán |
2 | Go gcuire sé saill ort. | May it make you fat. | Físeán |
3 | Go n-ithe an cancar thú. | May grumpiness devour you. | Físeán |
4 | Go n-ithe an cat thú, is go n-ithe an diabhal an cat. | May the cat eat you and may the devil eat the cat. | Físeán |
5 | Súile dearga agat. | May your eyes be red from crying. | Físeán |
6 | Go gcuire sé sconna ort. | May it give you the runs. | Físeán |
7 | Marbhfháisc ort. | May you die (literally, the swathings/cloth coverings of a dead person on you). | Físeán |
8 | Galar gan leigheas ort. | An incurable disease on you. | Físeán |
9 | Tochas gan ingne ort. | May you have an itch and no nails. | Físeán |
10 | Scread maidine ort. | A morning scream on you (i.e. may someone come across you dead body in the morning). | Físeán |
11 | Luí gan éirí ort. | May you be unable to get up. | Físeán |
12 | Go dtachta na bréaga thú. | May the lies choke you. | Físeán |
13 | Lá breá ag do chairde – do d’adhlacadh. | May your friends have a fine day – burying you. | Físeán |
14 | Droch-cháil ort. | May you have a bad reputation. | Físeán |
![]() | ![]() |
13 | “Agus ar maidin, tá mise chun vaiféil a dhéanamh!” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
12 | “Deireadh mo Mham i gcónaí go raibh an saol mar a bheadh bosca seacláidí ann; ní bhíonn a fhios agat riamh cad a gheobhaidh tú.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
11 | “A Bhean Mhic Róibín, tá tú ag iarraidh mé a mhealladh. Nach bhfuil?” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
10 | “Ar aghaidh leat – déan lá den scoth as dom.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
9 | “Cén fáth chomh dáiríre?” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
8 | “As na síbíní ar fad sna bailte ar fad sa domhan ar fad, siúlann sí isteach i mo cheannsa.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
7 | “Beidh bád níos mó ag teastáil uait.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
6 | “Beidh cibé rud atá aicise agamsa.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
5 | “Ní chuireann duine ar bith an Leanbh i gcúinne.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
4 | “Leis an fhírinne a rá, a stór, is cuma sa tsioc liom.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
3 | “Níl tú ábalta déileáil leis an bhfírinne.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
2 | “Is é an chéad riail atá ag an Chlub Troda: ní labhraíonn tú faoin Chlub Troda. Is é an dara riail atá ag an Chlub Troda: ní labhraíonn tú faoin Chlub Troda.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |
1 | “Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Níl aon tinteán mar do thinteán féin. Níl aon tinteán mar do thinteán féin.” | Sraith speisialta do Sheachtain na Gaeilge Cén scannán atá i gceist? | Físeán |