Nuachtlitir #22: Aibreán 2013

Crosfhocal ar líne Saol


Más saibhreas teanga an t-aon chineál saibhris atá agat, b’fhiú duit tabhairt faoi chrosfhocal nua ar líne na hirise Saol. D’fhéadfá €50 a bhuachan agus ní bheidh ort stampa a cheannach fiú amháin le d’iontráil a sheoladh isteach!


Chun teacht ar an gcrosfhocal, téigh go saol.gaeilge.ie agus cliceáil ar an íocón don chrosfhocal atá ar an leathanach baile.


Is féidir leat na freagraí a chlóscríobh isteach sna bearnaí atá sa chrosfhocal seo ar líne. Nuair a bheidh an crosfhocal comhlánaithe agat, ní bheidh le déanamh ansin agat ach do chuid sonraí teagmhála a thabhairt agus cliceáil ar an gcnaipe “Seol/Submit”.


Ceithre dhuais de €50 a bhíonn le buachan gach mí. Bronntar dhá cheann de na duaiseanna ar dhaltaí scoile agus an dá cheann eile ar an bpobal i gcoitinne.


Deir eagarthóir Saol, Colm Ó Tórna, go bhfuarthas céad iontráil sa chéad dá lá a bhí an crosfhocal beo agus gur sheol daoine as gach cearn den domhan a gcuid freagraí ar aghaidh chuig an iris.


Is é Foras na Gaeilge a fhoilsíonn Saol agus bíonn na scéalta is déanaí ann ó shaol na Gaeilge, grianghraif ó imeachtaí Gaeilge, agallamh le duine éigin atá i mbéal an phobail, ábhar d’fhoghlaimeoirí, ailt faoi chúrsaí spóirt agus faoi chúrsaí litríochta, eolas faoi chláir Ghaeilge ar an raidió agus ar an teilifís, agus neart eile.