Nuachtlitir #23: Meitheamh 2013

Buaiteoir chomórtas mhí Aibreáin


Comhghairdeas le Máire Ní Choileáin, buaiteoir chomórtas nuachtlitir mhí Aibreáin! Beidh sí in ann cara dá cuid a thabhairt léi chuig ranganna oíche Ghaelchultúir an fómhar seo, agus ní ghearrfar táille ach ar dhuine den bheirt.


Nóta: Cuirfear tús leis na ranganna oíche an tseachtain dar tosach 23 Meán Fómhair. Tá liosta de na hionaid agus de na leibhéil a bheidh á dtairiscint ar fáil ach cliceáil anseo.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh duais a bhuachan, ná bíodh an iomarca díomá oraibh: is féidir áit a chur in áirithe i gceann de ranganna an fhómhair ar phraghas laghdaithe (€180 seachas €200) go dtí deireadh mhí Lúnasa.