Nuachtlitir #23: Meitheamh 2013

Imeachtaí Gaeilge: Geabaireacht Gaeilge faoi ghlésholas gréine


Ná bac leis na héadaí báistí ná le cluichí cláir do laethanta fliucha agus tú ag pacáil do do laethanta saoire i mbliana, ach ceannaigh hata agus spéaclaí gréine duit féin, agus tabhair aghaidh ar an Spáinn don chéad turas lán-Ghaeilge riamh ar an gCamino de Santiago.


Tá taithí na mblianta ag an gcomhlacht Follow the Camino ar thurais threoraithe a eagrú ar an gCamino ach beidh siad ar thús cadhnaíochta i mí Dheireadh Fómhair i mbliana nuair a dhéanfaidh siad an chéad turas riamh trí mheán na Gaeilge a eagrú.


Grúpaí beaga d’idir 6–15 dhuine a bhuailfidh bóthar le chéile, faoi stiúir treoraí dátheangach (Gaeilge agus Béarla), agus caithfidh siad sé lá ag siúl 115 km idir Sarria agus Santiago. Tabharfaidh na hoilithrigh aghaidh ar an Spáinn ar 5 Deireadh Fómhair, agus fillfidh siad ar Éirinn ar 12 Deireadh Fómhair, agus iad tuirseach ach breá sásta leo féin.


€680 an duine an bunphraghas a bheidh ar an turas, agus beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa mhéid sin:

• lóistín ar feadh seacht n-oíche in óstáin 2-3 réalta nó i dtithe aíochta
• bricfeasta gach maidin agus dinnéar cúig oíche
• aistriú bagáiste i rith na siúlóide
• síob ón aerfort ag tús an turais
• pacáiste don turas – léarscáil, treoirleabhar Gaeilge, pas oilithrigh, sliogán muirín
• cúnamh 24/7
• treoraí a bhfuil Gaeilge agus Béarla aige/aici

Níl na heitiltí san áireamh sa phraghas sin ach, agus an t-alt seo á scríobh, tá eitiltí díreacha ar fáil le hAer Lingus ó Bhaile Átha Cliath go Santiago de Compostella ar na dátaí cuí ar thart ar €140.


Is féidir tuilleadh eolais agus seirbhís trí mheán na Gaeilge a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Maria O’Kane sa chomhlacht Follow the Camino:

Seoladh ríomhphoist: maria.okane@followthecamino.com
Uimhir ghutháin: + 353 1 525 22 21
Suíomh gréasáin: www.followthecamino.com