Nuachtlitir #31: Iúil 2015

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla gur féidir leat a bheith ag foghlaim na Gaeilge linn. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí ilmheán idirghníomhacha ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Ní dóigh linn, áfach, gur gá cloí le modh foghlama amháin. Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh amháin a úsáid. Chuige sin tá margadh thar a bheith speisialta againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo: Margadh na Foghlama Cumaisc!


Má cheannaíonn tú ceann d'fhoilseacháin Ghaelchultúir d’fhoghlaimeoirí fásta ó siopa.ie, tabharfaimid síntiús 3 mhí saor in aisce duit don chúrsa den teideal céanna ar ranganna.com. Is iad na foilseacháin atá i gceist ná Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, Gaeilge gan Stró! – Lower Intermediate Level, Gramadach gan Stró!, agus QuickGuide Irish Grammar.


Coinníollacha
• Ní féidir leas a bhaint as an margadh seo ach uair amháin in aghaidh an duine.
• Rachaidh an margadh seo in éag Dé hAoine, 31 Iúil 2015.