Nuachtlitir #31: Iúil 2015

Comórtas


Ar siopa.ie, bíonn trí acmhainn de chuid Ghaelchultúir do mhúinteoirí bunscoile – Póstaer Pearsan, Réalta an Ranga agus Gníomhaíochtaí Gasta – ar díol le chéile ar phraghas laghdaithe. Beart Bunscoile a thugtar ar an margadh iontach seo agus tá ceann acu á thairiscint againn mar dhuais do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo.


Más mian leatsa cur isteach ar an gcomórtas, seol teachtaireacht ríomhphoist agus “Comórtas” mar theideal uirthi chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Dé hAoine, 31 Iúil 2015. Ní mór duit an cheist seo a fhreagairt sa ríomhphost:

I mbliana, tá 3 chúrsa nua EPV ar líne á dtairiscint ag Gaelchultúr do mhúinteoirí bunscoile. Céard iad ainmneacha na dtrí chúrsa nua seo?

Fógrófar na buaiteoirí sa chéad eagrán eile den nuachtlitir seo.


Nóta

• Más fearr leat, is féidir leat Beginners Bundle, Returning Learner Bundle nó Beart Cruinnis a roghnú mar dhuais.