Nuachtlitir #31: Iúil 2015

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Tadhg Mac Cionnaithe, buaiteoir chomórtas nuachtlitir mhí Aibreáin! Tá na leabhair a bhí roghnaithe ag ClubLeabhar.com do shraith an earraigh 2015 buaite aige.


Is iad na leabhair a bhí i gceist ná Mo Bhealach Féin, I dTír Strainséartha, An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaí, Anamlón Bliana, Salann Garbh agus Splancanna ó shaol eile.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh duais a bhuachan, ná déanaigí dearmad gur féidir leabhair uile na sraithe deireanaí agus go leor leabhar eile a phléamar go dtí seo sa chlub a fheiceáil ar ClubLeabhar.com agus iad a cheannach anseo ónár siopa ar líne, siopa.ie.