Nuachtlitir #33: Eanáir 2016

Cuir aithne ar ár múinteoirí 3: Pádraig Ó Beaglaoich


Tá Pádraig Ó Beaglaoich, a rugadh i dTír Chonaill ach a tógadh i nGaillimh, ag teagasc le Gaelchultúr ó bhí mí Feabhra 2015 ann. Nuair nach mbíonn sé ag múineadh ranganna oíche Gaeilge le Gaelchultúr bíonn Pádraig ag múineadh daltaí meánscoile i nGaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir leis le déanaí le tuilleadh a fhoghlaim faoina chúlra agus faoina thaithí mar mhúinteoir a bhíonn ag plé le daltaí meánscoile agus le foghlaimeoirí fásta.


1. Inis dúinn fút féin.
Pádraig Ó Beaglaoich is ainm dom féin. Cé gur rugadh i dTír Chonaill mé, is i gCathair na dTreabh a tógadh mé. Is Ciarraígh iad mo thuismitheoirí - d’fhéadfaí a rá ar an mbonn sin go bhfuil an-eolas agam ar chósta thiar na hÉireann! Leagadh an-bhéim i gcónaí sa bhaile ar thábhacht na féiniúlachta agus ar chúrsaí oidhreachta. Bhíomar fite fuaite i gcónaí i saol na Gaeilge, in imeachtaí cultúrtha agus i gcluichí Chumann Lúthchleas Gael inár gceantar áitiúil i mBóthar na Trá.


Sula ndeachadar ar chamchuairt na tíre, is i gCoimisiún na Státseirbhíse i mBaile Átha Cliath a d’oibrigh mo thuismitheoirí. Is ann is dócha a lasadh an splanc rómánsúil! Tá ceathrar clainne orthu agus aisteach go leor is in oirthear na tíre atáimid ar fad lonnaithe anois. Chaith mé tromlach na mblianta i mo chónaí i nGaillimh ach táim ag cur fúm san ardchathair anois le cúig bliana anuas. Is múinteoir iar-bhunscoile mé i láthair na huaire. Chaith mé sealanna freisin ag obair mar aistritheoir agus ag obair san earnáil phobail agus óige. Taitníonn éagsúlacht na ndeiseanna agus na ngníomhaíochtaí i mBaile Átha Cliath go mór liom, agus nuair a cheadaíonn cúrsaí ama, freastalaím ar an oiread ócáidí cultúrtha agus is féidir. An míbhuntáiste is mó a bhaineann le saol na hardchathrach ná an costas maireachtála agus praghas na dtithe!


Rinne mo thuismitheoirí cinneadh an chéad lá riamh go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha an tí agus go gcuirfí oideachas lán-Ghaeilge orainn. Ba Bhéarlóirí iad mórchuid na gcairde agus na dteagmhálacha a bhí agam lasmuigh den teaghlach agus dá bhrí sin tógáil dhátheangach a bhí agam. Is cuimhin liom ag an am go raibh m’athair ag obair le Roinn na Gaeltachta agus bhímis ag bualadh go minic le cainteoirí dúchais agus ag caitheamh tréimhsí sa Ghaeltacht ina theannta, nuair a bhíodh sé i mbun cigireachta sna coláistí samhraidh. Níor tógadh mo mháthair le Gaeilge ach rinne sí tréaniarracht i ndiaidh an phósta barr feabhais a chur ar an nGaeilge a bhí aici. Rinne sí éacht i ndáiríre agus d’éirigh léi leibhéal ard a bhaint amach trí dhianobair rialta. Táim buíoch i gcónaí gur ghlacadar cinneadh gaoisiúil i leith na teanga beagnach dhá scór bliain ó shin anois!


2. Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta?
Bhíodh diancheachtanna príobháideacha á soláthar agam roinnt blianta ó shin i nGaillimh agus sin an chéad uair dom a bheith ag múineadh ar bhonn gairmiúil i ndáiríre. Bhíodh scoláirí fásta ann ag filleadh ar an Ardteistiméireacht (mar a bhíonn i gcónaí) chun cáilíocht ardleibhéil sa Ghaeilge a bhaint amach - ionas go mbeidís ábalta tabhairt faoi chúrsaí oiliúna don bhunoideachas. Bhí an obair sin dúshlánach go maith mar is ag déileáil le scoláirí nár labhair, nár léigh agus nár scríobh focal Gaeilge ar feadh na mblianta a bhínn. Bhí sé taitneamhach mar sin féin agus chuir mé an-spéis sa raon daoine agus sna cúlraí gairmiúla a bhí acu - daoine fásta agus cáilíochtaí acu i sainréimsí mar chúrsaí dlí, innealtóireacht, leigheas, ríomhaireacht agus na heolaíochtaí. Bhí an tóin ag titim as an Tíogar Ceilteach cothrom an ama chéanna agus athrú mór ag teacht ar thírdhreach fostaíochta (agus dífhostaíochta) na tíre.


Thug mé faoin Dioplóma Iarchéime san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2010/11. Bhí sé roinnt blianta ina dhiaidh sin sular thug mé faoin nGaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta an athuair. Bím ag múineadh go lánaimseartha ag leibhéal na hiar-bhunscoile ar bhonn laethúil ach caithfidh mé a rá gur airigh mé uaim atmaisféar an tseomra ranga mar theagascóir a dhéileálann le daoine fásta. Ar an ábhar sin thug mé faoi theagmháil a dhéanamh le Gaelchultúr agus mar a tharla bhí teagascóirí de dhíth orthu ag an am. Le linn na dtéarmaí teagaisc múinim oíche amháin in aghaidh na seachtaine de ghnáth. Ní fhéadfainn tiomantas níos mó ná sin a thabhairt don obair seo cheal ama mar táim sáite go deonach in an-chuid rudaí eile.




3. Cad iad na rudaí is mó a thaitníonn leat faoi bheith ag múineadh daoine fásta? An bhfuil difear mór idir daltaí scoile a mhúineadh agus daoine fásta a mhúineadh?
An rud is mó a thaitníonn liom ná go mbíonn cúiseanna éagsúla ag gach duine a bheith ar an gcúrsa sa chéad áit. Lena chois sin bíonn gach scoláire ag teacht ó chúlra éagsúil agus bíonn rud éigin difriúil le tairiscint aige/aici ó thaobh na dtuairimí a nochtar agus téagar na mbarúlacha a roinntear. Cuireann sé seo ar fad go mór leis na díospóireachtaí ranga, a bhíonn bríomhar ó thráth go chéile gan amhras!


Tá roinnt difríochtaí ann idir daltaí scoile a mhúineadh agus a bheith ag plé le daoine fásta, ceart go leor. An mhórdhifríocht ná go mbíonn na daoine fásta ann go roghnach ach tá sé éigeantach do dhaltaí scoile a bheith i láthair ar scoil. Difríocht eile ná go bhfeicim na daltaí scoile cúig lá na seachtaine, ó Luan go hAoine. Ní hamhlaidh an cás leis na ranganna oíche, áit nach bhfeicfinn na scoláirí ó cheann ceann na seachtaine. Ceann de na rudaí is suntasaí atá tugtha faoi deara agam faoi fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge ná an t-aiféala a bhíonn orthu nach ndearnadar iarracht níos treise ag leibhéal na hiar-bhunscoile. Is léir go mbíonn deacrachtaí ag cuid mhór acu ag aithint go bhfuil luach ollmhór ag baint le hardchumas agus líofacht sa Ghaeilge. Ní thagann na tuiscintí seo chucu go dtí go mbíonn siad níos sine, is cosúil. Ag gach leibhéal oideachais, caithfear iarrachtaí breise a dhéanamh teachtaireachtaí dearfacha a chur in iúl faoi luach na teanga agus na feidhmeanna a bhaineann léi.


4. Cad iad na rudaí nach bhfuil bainteach leis an nGaeilge a bhfuil suim agat féin iontu?
Is breá liom cúrsaí taistil agus a bheith ag foghlaim faoi chultúir eile. Bíonn siúlach scéalach mar a deirtear agus tá roinnt mhaith den domhan feicthe agam. Chaith mé saoire na Nollag in éineacht le mo bhean chéile ar Rinn Verde – oileánra álainn amach ó chósta thiar na hAfraice a bhfuil a chuid dúshlán iar-chóilíneachais féin aige. Bhí sé deacair an aimsir mhaith a fhágáil inár ndiaidh, caithfidh mé a rá! Bíonn áiteanna nua ar an liosta ag duine i gcónaí dar ndóigh agus tabharfaidh mé sciuird ar an mBrasaíl le linn na Cásca. Breathnaím ar scannáin go rialta agus taitníonn sé liom leabhair a léamh chomh maith. Coinním súil ghéar ar chúrsaí reatha/polaitíochta agus ar na scéalta is déanaí sna nuachtáin. Beidh le feiceáil cad a thitfidh amach san olltoghchán anseo in Éirinn ach beidh sé spéisiúil.