Nuachtlitir #33: Eanáir 2016

Imeachtaí Gaeilge - Ravelóid


Tá an Ravelóid ag druidim linn. Ar an 10 Meitheamh beidh na sluaite ag déanamh ar thailte Chaisleán Ard Giolláin i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath d’fhonn deireadh seachtaine lán spraoi, lán ceoil agus lán cultúir a chaitheamh ag féile shamhraidh úrnua na nGael.


Beidh scoth an cheoil Éireannaigh le cloisteáil ag an bhféile cheannródaíoch seo a mbeidh an Ghaeilge ag a croílár. I measc na mbannaí atá le bheith ag seinm le linn an deireadh seachtaine ná Kíla, Delorentos, Seo Linn, The Riptide Movement, Bréag, Mundy, Altan, Hothouse Flowers agus The Bonny Men. Is léir ón liosta gairid sin amháin go mbeidh rud éigin ag an bhféile seo a thaitneoidh le gach duine, idir óg agus aosta, agus tá tuilleadh ceoltóirí fós le fógairt.


Cé gurb iad na ceoltóirí agus na hamhránaithe a mheallfaidh an chuid is mó de lucht freastail na féile, beidh go leor rudaí eile ar siúl thar na trí lá ar fiú go mór a bheith ag súil leo. Gealltar dúinn go mbeidh scoth na drámaíochta agus na filíochta romhainn ar thailte Chaisleán Ard Giolláin, mar aon le himeachtaí grinn, imeachtaí litríochta, cainteanna, ceardlanna agus rogha gach bia agus togha gach dí ag seastáin timpeall na féile.


Tá €99 ar thicéad do dhuine fásta (os cionn 18 bliain) agus €50 ar thicéad do dhuine níos óige (12-18 bliain) má cheannaítear iad roimh dheireadh na míosa seo. €99 freisin atá ar thicéad teaghlaigh, a ligfidh duine fásta amháin isteach san fhéile le huasmhéid de bheirt pháistí faoi dhá bhliain déag d’aois. Tá campáil san áireamh i gcás gach ticéid, agus is féidir iad a cheannach anseo.


Is féidir níos mó eolais a fháil faoin bhféile ag www.raveloid.ie, nó is féidir í a leanúint ar Twitter nó ar Facebook. Beidh codanna den chlár á bhfógairt de réir a chéile sna míonna amach romhainn.