Nuachtlitir #33: Eanáir 2016

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Siobhán Nugent, buaiteoir chomórtas nuachtlitir mhí Mheán Fómhair! Tá beart de chuid Ghaelchultúir buaite aici.


Is iad na bearta ar fad atá ar fáil ná Beginner Bundle, Returning Learner Bundle, an Beart Cruinnis agus an Beart Bunscoile.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh duais a bhuachan, beidh deis eile agaibh i gcomórtas na míosa seo. Agus ná déanaigí dearmad go bhfuil réimse beart ar fáil ar phraghas laghdaithe ónár siopa ar líne, siopa.ie.