Tá post lánaimseartha mar Fheidhmeannach Riaracháin ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifigí an chomhlachta i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Ní mór d’iarrthóirí caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, a bheith acu, taithí a bheith acu ar obair riaracháin oifige agus cur amach ar ghnáthchórais ríomhaireachta.
Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifigí Ghaelchultúir ar Shráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2.
Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre.
Dualgais
Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an riarthóir acadúil:
• plé le cliaint an chomhlachta ar an nguthán, ar an ríomhphost agus aghaidh ar aghaidh
• na socruithe cuí a dhéanamh roimh gach cúrsa teanga
• siopa Ghaelchultúir a riar
• déileáil leis na horduithe a bhíonn ar an suíomh siopa.ie, mar aon leis na cinn a fhaightear ar an nguthán.
Cáilíocht riachtanach
Céim tríú leibhéal (leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí)
Cáilíochtaí/taithí/scileanna inmhianaithe
Cáilíocht iarchéime
Taithí ar mhúineadh teanga
Ardscileanna ríomhaireachta
Taithí ar dhearadh agus ar na meáin dhigiteacha
Ní mór d’iarrthóirí Curriculum Vitae, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig:
Folúntas: Feidhmeannach Riaracháin
Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr
11 Sráid an Chláraigh
Baile Átha Cliath 2nó chuig eolas@gaelchultur.com
Spriocdháta d’iarratais: 5.00pm, Dé hAoine, 22 Eanáir 2016
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig: eolas@gaelchultur.com
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn