Beidh an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán (DISA), an chéad chúrsa iarchéime de chuid Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir, á thairiscint den séú huair ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh ag an institiúid seo a bunaíodh in 2013.
Tá an DISA ag Leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí agus maireann sé trí sheimeastar ar fad. Tá sé dírithe orthu siúd a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu cheana féin ach ar mhaith leo scileanna aistriúcháin a fhoghlaim nó cur lena scileanna sa réimse sin. Tá sé oiriúnach chomh maith do dhaoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge go laethúil – múinteoirí agus iriseoirí, mar shampla – ar mian leo barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna scríofa Gaeilge. Rachaidh an cúrsa chun sochair freisin dóibhsean ar spéis leo post a bhaint amach mar aistritheoir, riarthóir nó dlítheangeolaí in institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh.
Comhairle Seo roinnt moltaí praiticiúla dóibhsean ar mian leo ullmhú do scrúdú iontrála an DISA i mbliana:
|
Bíonn léachtaí agus ranganna teagaisc an DISA ar siúl Satharn amháin sa mhí i gceanncheathrú Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tá go leor d’ábhar an chúrsa le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com, agus dá bhrí sin is féidir le daoine as gach cearn den tír tabhairt faoin gclár (go dtí seo, mar shampla, tá mic léinn tar éis taisteal as Toraigh, Gaeltacht Chiarraí, Lucsamburg agus an Fhrainc chuig seisiúin lae an Dioplóma).
Tá dhá spriocdháta ann d’iarratais i gcás chúrsa 2018–2019: Déardaoin, 28 Meitheamh nó Dé hAoine, 24 Lúnasa. Agus beidh rogha i gceist i gcás scrúdú iontrála an DISA freisin: Dé Sathairn, 7 Iúil nó Dé Sathairn, 1 Meán Fómhair (2.00–4.00pm ar an dá dháta).
Tábhachtach: De bhrí nach bhfuil ach 15 áit ar fáil ar an gcúrsa, d’fhéadfadh buntáiste a bheith acusan a dhéanfadh an scrúdú iontrála i mí Iúil.
Tá eolas breise faoin DISA, mar aon le bróisiúr an chúrsa agus foirm iarratais, le fáil ar www.gaelchultur.com. Is féidir teacht ar eolas breise freisin ach glaoch ar (01) 484 5220 nó scríobh chuig eolas@gaelchultur.com.
Beidh seisiúin eolais maidir leis an DISA ar siúl i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2 ag na hamanna agus ar na dátaí seo a leanas:
12.00–1.00pm, Dé Sathairn, 19 Bealtaine
6.00–7.00pm, Dé Máirt, 21 Lúnasa12.00–1.00pm, Dé Sathairn, 25 Lúnasa
Ní gá dóibhsean ar mian leo freastal ar cheann de na seisiúin eolais thuas áit a chur in áirithe roimh ré.
Chun féachaint ar fhíseán mar gheall ar an DISA, cliceáil ar an gcnaipe seinnte thíos.
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn