Tá post lánaimseartha mar Bhainisteoir Forbartha Curaclaim ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar lonnaithe
in oifigí na hinstitiúide i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Ní mór d’iarrthóirí caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, a bheith acu, agus taithí a bheith acu ar an nGaeilge a mhúineadh do dhaoine fásta.
Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Cuirfear deiseanna oiliúna ar fáil don té a cheapfar.
Dualgais
Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an mBainisteoir Forbartha Curaclaim:
Cáilíocht agus taithí riachtanach
Máistreacht sa Ghaeilge (leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí)
Taithí ar mhúineadh na Gaeilge do dhaoine fásta
Ní mór d’iarrthóirí Curriculum Vitae, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig:
Folúntas: Bainisteoir Forbartha Curaclaim
Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr
11 Sráid an Chláraigh
Baile Átha Cliath 2
nó
chuig eolas@gaelchultur.com
Spriocdháta d’iarratais: 5.00pm, Dé hAoine, 24 Lúnasa 2018. Agallaimh ar siúl tar éis lóin Dé hAoine, 31 Lúnasa 2018.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig: eolas@gaelchultur.com
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn