Múinteoirí agus ceartaitheoirí á lorg ag Gaelchultúr
Reáchtálann Gaelchultúr cúrsaí ar bhonn leanúnach agus freastalaíonn siad ar fhoghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais, idir ghlantosaitheoirí, dhaoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu agus chainteoirí líofa. Bíonn múnlaí éagsúla i gceist i gcás ár gcuid cúrsaí, e.g. dianchúrsaí lae, cúrsaí 20 seachtain, ranganna oíche agus ranganna ag an deireadh seachtaine.
Cad a dhéanann múinteoirí Ghaelchultúir?
- Bíonn múinteoirí Ghaelchultúir ag baint úsáid as cur chuige nua-aimseartha teagaisc a chinntíonn go mbíonn go leor deiseanna rannpháirtíochta ag na foghlaimeoirí agus go mbíonn atmaisféar deas dearfach sa seomra ranga.
- Bíonn siad ag teagasc go príomha i gceanncheathrú Ghaelchultúir ach bíonn ranganna éagsúla againn ar fud na tíre agus ag amanna éagsúla den lá. Cuireann sé sin ar chumas an chomhlachta ranganna a thairiscint do mhúinteoirí nach mbíonn ar fáil ach go páirtaimseartha agus do mhúinteoirí a bhfuil cónaí orthu in áiteanna éagsúla sa tír.
- Cuireann múinteoirí Ghaelchultúir go mór lena scileanna teagaisc agus iad ag leanúint na dtreoracha soiléire sna pleananna ceachta cuimsitheacha a chuirimid ar fáil.
- Bíonn na múinteoirí ag cur oiliúna ar gach saghas duine a chinneann gur mhaith leis nó léi an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim. Go dtí seo, tá idir Ambasadóirí, Airí Stáit, Theachtaí Dála, Thaoisigh, státseirbhísigh, phearsana teilifíse, dhaoine as tíortha eile agus daoine eile nach iad tar éis cúrsa a dhéanamh linn.
- Bíonn foireann bhuan Ghaelchultúir ar fáil i gcónaí le tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí nuair is gá. Bíonn na múinteoirí i dteagmháil go leanúnach le foireann an chomhlachta, a bhíonn an-sásta i gcónaí cúnamh a chur ar fáil.
Níos tábhachtaí fós, cad iad na rudaí nach gá do mhúinteoirí Ghaelchultúir a dhéanamh?
- Ní gá do mhúinteoirí Ghaelchultúir pleananna ceachta ná acmhainní teagaisc a réiteach do chúrsa ar bith a mhúinfidh siad; tá an obair sin déanta cheana féin ag foireann acadúil an chomhlachta.
- Ní dhéanann múinteoirí Ghaelchultúir na hacmhainní don seomra ranga a ullmhú roimh an rang ná fótachóipeáil ar bith is gá a dhéanamh; déanann foireann riaracháin an chomhlachta é sin.
- Ní bhíonn ar mhúinteoirí Ghaelchultúir obair bhaile na gcúrsaí a mbíonn siad ag plé leo a cheartú. Mar sin féin, tá lánfháilte roimh mhúinteoirí airgead breise a shaothrú trí cheartúcháin a dhéanamh! Tá an táille go maith agus is féidir a bheith ag ceartú ón mbaile.
Más spéis leatsa a bheith ag obair linn agus má tá cáilíocht sa Ghaeilge agat mar aon le taithí ar mhúineadh na teanga, cuir do CV chuig eolas@gaelchultur.com le go mbeimid in ann tú a chur lenár bpainéal múinteoirí. Má thagann obair ar bith chun cinn a bheidh oiriúnach duit, rachaimid i dteagmháil leat chun agallamh neamhfhoirmiúil a eagrú leat.