Mar gheall ar an rath a bhí ar Thionól Gaeilge UCD 2017, rinne Bord na Gaeilge san Ollscoil sin cinneadh an t-imeacht a reáchtáil arís i mbliana, ag tús mhí Iúil. Beidh an scoil samhraidh seo, atá á heagrú arís i gcomhar le Gaelchultúr, ar siúl ó mhaidin Dé Luain, 2 Iúil, go dtí am lóin Dé hAoine, 6 Iúil, ar champas Belfield agus beidh ranganna teanga, léachtaí agus imeachtaí sóisialta ar siúl lena linn. Tá tuilleadh eolais le fáil faoin Tionól ach cliceáil anseo.
I gcomórtas na míosa seo, tá Bord na Gaeilge UCD agus Gaelchultúr ag tabhairt deis do na léitheoirí áit ar an Tionól a bhuachan. Beidh deis ag an mbuaiteoir freastal ar imeachtaí uile an Tionóil (ranganna teanga, léachtaí agus imeachtaí sóisialta) gan aon táille a íoc.
Tábhachtach: Má bhuann duine atá tar éis clárú don Tionól cheana féin an comórtas seo, aisíocfar an táille leis/léi.
Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:
Le linn Thionól Gaeilge UCD, beidh ranganna teanga ar siúl gach lá, Luan go hAoine, ó 9.30am go 1.00pm. Cé mhéad leibhéal éagsúil a bheidh ar fáil?
Más mian leatsa cur isteach ar an gcomórtas, seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Déardaoin, 17 Bealtaine 2018.
Fógrófar an buaiteoir ar na meáin shóisialta, Dé hAoine, 18 Bealtaine.
Cóipcheart © 2021 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn