Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

Taithí Astúraigh ar fhoghlaim na Gaeilge


An bhliain seo caite, thug Sergio Fernández Redondo ó Asturias i dtuaisceart na Spáinne faoin Teastas sa Ghaeilge Gairmiúil ag Leibhéal 3. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir leis le déanaí chun a chuid tuairimí a fháil maidir leis an gcúrsa agus maidir le foghlaim na Gaeilge.


1. Inis dúinn fút féin.
Sergio is ainm dom agus is as Asturias dom i dtuaisceart na Spáinne. Táim i mo chónaí thar lear ó 2004. Chuaigh mé go dtí an tSualainn i dtosach báire agus táim i mo chónaí in Éirinn ó 2008. Cé go ndearna mé staidéar ar an innealtóireacht ar an ollscoil bhí an-suim agam i gcónaí sa teangeolaíocht agus i dteangacha. Bíonn an chuid is mó de m’am saor caite agam orthu.





2. Cathain a thosaigh tú ag foghlaim na Gaeilge?
Bhuel dár ndóigh, fad is go bhfuil duine éigin ina chónaí in Éirinn a bhfuil suim aige i dteangacha is cinnte go bhfoghlaimeoidh an duine sin rud nó dó faoin teanga, ach níor thug mé faoi chúrsa Gaeilge a dhéanamh go dtí 2015. Tar éis sin, d’éirigh mé as an oideachas de bharr cúiseanna éagsúla cé go ndearna mé iarracht bheag an Ghaeilge a choinneáil suas. Ansin in 2017 chuaigh mé isteach sa Stáit Seirbhís. Thug sé seo deis iontach dom leanúint ar aghaidh leis an nGaeilge toisc go bhfuil clár oideachais teanga acu dá bhfostaithe. Ba rud nádúrtha é dom bheith páirteach sna ranganna agus táim ag déanamh staidéir ar an nGaeilge le Gaelchultúr ó shin.


3. Cén fáth ar bheartaigh tú an Ghaeilge a fhoghlaim?
Ar an gcéad dul síos, mar a dúirt mé tá an-suim agam i dteangacha. Ba dheis iontach í teanga atá chomh speisialta leis an nGaeilge a fhoghlaim agus í mar cheann de na teangacha Ceilteacha deireanacha atá fágtha ar domhain. Shíl mé gur shárdheis í rud ar leith a chur le mo chúlra teangeolaíoch. Buailte le m’uaillmhianta teangeolaíocha teastaíonn uaim i gcónaí iarracht a dhéanamh oiread is gur féidir liom a fhoghlaim faoin áit a bhfuilim i mo chónaí: faoina teanga, faoina cultúr agus faoina stair. Bhí sé mar an gcéanna nuair a bhí mé sa tSualainn. Ceapaim go ndéanann sé maitheas dom maidir le m’idirghníomhaíocht leis an timpeallacht sa chaoi is go neartaíonn sé an nasc atá agam leis an áit agus an t-eolas atá agam uirthi. Chuidíonn sé liom rudaí atá ag tarlú mórthimpeall orm a thuiscint. Léiríonn sé ómós do m’óstaigh.


4. An bhfuil tú ag baint taitneamh as na ranganna le Gaelchultúr? Ar thosaigh tú ag foghlaim na Gaeilge linne nó le heagraíocht eile?
Táim ag baint taitneamh astu cinnte. Rinne mé an chéad chúrsa le dream eile toisc go raibh sé giota beag ní ba shaoire (€180 i gcomparáid le €200 measaim): sin an t-aon chúis i ndairíre.


5. Cad é an rud is mó a thaitníonn leat faoi chur chuige teagaisc Ghaelchultúr?
Ceapaim go mbaineann sé uilig leis an múinteoir. Ar ndóigh, tá an oiread sin múinteoirí éagsúla ann agus braitheann sé ar an ádh a bhíonn ort teacht ar dhuine a thuigeann do riachtanais. Maidir le roinnt iarmhúinteoirí a bhí agam, ní raibh ach taithí acu ar mhúineadh na Gaeilge do pháistí is bhí an cur chuige páistiúil céanna acu agus daoine fásta á múineadh acu. Bhí a fhios agam go bhféadfadh múinteoirí eile bheith difriúil is go raibh sé seo ag braith ar an ádh. Mar shampla, nuair a thosaigh mé le Gaelchultúr bhí tuiscint ní b’fhearr ag an gcuid is mó de na múinteoirí ar mo riachtanais is an cur chuige foghlama teanga atá agam. Tá cur chuige an-acadúil acu i dtaobh foghlama teanga agus sílim go raibh tuiscint ní b’fhearr acu ar chúrsaí. Is aoibhinn liom na cúrsaí le Gaelchultúr toisc go n-oireann siad do mo chur chuige teangeolaíoch.


6. Deir daoine go minic, go háirithe daoine Éireannacha, go bhfuil sé deacair nó dúshlánach an Ghaeilge a fhoghlaim. Cad a cheapann tú den ráiteas sin?
Bhuel, is fíor sin: ó thaobh na gramadaí de, is teanga casta í an Gaeilge. I gcás mhuintir na hÉireann, sílim go bhfuil go leor cúiseanna dó sin. Cúis amháin, agus is cúis í atá ag dul i léig anois tá súil agam: bhí débhéascna an-lom sa tír seo ar feadh na gcéadta. Bhí stiogma áirithe ann riamh maidir leis an nGaeilge – is rud é atá daingnithe sa tsícé choiteann. Mar a dúirt mé, ar ámharaí an tsaoil tá sé sin ag athrú. Tá tuilleadh suime sa teanga le feiceáil ón tslí a seolann tuismitheoirí a bpáistí go gaelscoileanna. Tá go leor daoine ag scríobh rudaí as Gaeilge is ag déanamh podchraoltaí as Gaeilge freisin. Ar a laghad tá sé sin ag athrú.


Tá cur amach maith agam ar an dara cúis toisc go bhfuilimid ciontach aisti sa Spáinn chomh maith. Is fíor a rá nuair a labhraíonn tú mórtheanga ní bhíonn an fonn céanna ort, i ngan fhios duit féin, teanga nua a fhoghlaim. Déanann sé thú beagáinín leisciúil go fo-chomhfhiosach. D’fhéadfadh daoine a rá, ‘Labhraím Béarla, labhraím Spáinnis, cén fáth ar gá dom teanga eile a fhoghlaim?’. Is rud éigin é ar an leibhéal fo-chomhfhiosach agus cuireann sé constaic romhat rud beag. Ach is í an phríomhchúis ceann teangeolaíoch amach is amach. Ó thaobh na gramadaí de is í an Béarla an teanga is simplí de chuid na dteangacha Ind-Eorpacha. Tá an stór focal an-mhór, rud atá dúshlánach, ach tá an ghramadach sách simplí. De bharr seo bheadh sé ina dhúshlán do bhéarlóir dúchasach teanga atá an-chasta cosúil leis an nGaeilge a fhoghlaim.


7. Le déanaí mhol tú téarma don choiste téarmaíochta ar glacadh leis agus atá ar fáil anois ar tearma.ie, an bunachar náisiúnta téarmaíochta don Ghaeilge. An féidir leat giota beag a insint dúinn faoin téarma a mhol tú?
Ba é an téarma ná ‘Astúiris’, aistriúchán a rinneadh ar Asturian atá mar ainm ar theanga Astúiriais i dtuaisceart na Spáinne. Thug mé faoi dheara go raibh aistriúcháin sa Ghaeilge ar go leor teangacha Spáinneacha: an Bhascais, an Chatalóinis, an Ghailísis. Shíl mé go mbeadh sé cóir dá mbeadh ár n-áit féin againn sa léacsacan. Táim i mo bhall d’eagraíocht darb ainm an Conradh Ceilteach Astúrach a bhfuil sé mar sprioc aige an cultúr Astúrach a chur chun cinn mar aon lena nasc le cultúir cheilteacha eile timpeall na hEorpa. Ó bhí mé i mo chónaí anseo, mhol uachtarán an chonartha dom fréamh a bhunú anseo. Ní raibh clú agam cén dóigh le tabhairt faoi sin ach chun tús a chur leis bhunaigh mé grúpa Facebook darb ainm Bráithreachas na hÉireann agus Astúirias. Rinne mé é seo díreach le feiceáil conas a d’éireodh leis agus cad a cheapfadh daoine faoi. Postálaim rudaí ar an leathanach a bhaineann leis an gcultúr comónta idir Éirinn agus Astúirias. Lena chois sin, déanaim iarracht postáil as Astúiris agus as Gaeilge. Dar ndóigh, de bhar seo tá go leor tagairtí den Astúiris agus d’Astúirias nuair a phostálaim as Gaeilge agus theastaigh uaim a chinntiú go raibh téarmaí oifigiúla in úsáid agam.


8. Conas mar a mhothaíonn sé focal a bheith agat atá áirithe sa teanga go hoifigiúil anois?
Bhuel, mothaím giota beag mar bhard nó mar Shakespeare a chruthaigh an oiread sin focal i dteanga an Bhéarla. Is mór an spórt é go raibh tionchar agam ar an bhfoclóir seo. Má tharlaíonn sé amach anseo go mbeidh Gaeilgeoir éigin ag caint faoi Astúiris bheidh sé ina onóir mór dom bheith ar eolas agam go ndéanfaidh siad é sin a bhuí le mo mholadh.


9. An cheist dheireanach anois, cad iad na pleananna atá agat do na míonna atá amach romhainn?
Ba mhaith liom m’uaillmhianta teangeolaíocha a leanúint. Go hidéalach, ba mhaith liom filleadh ar an ollscoil agus rud éigin a dhéanamh leis na daonnachtaí cosúil leis an teangeolaíocht, an stair nó rud éigin mar sin. Is í m’fhantaisíocht fanacht sa saol acadúil. B’in é m’fhantaisíocht nó mo sprioc idéalach.