Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

Cuir aithne ar ár múinteoirí 12: Oisín Ó Doinn


Tá Oisín Ó Doinn ag múineadh i nGaelchultúr ó bhí Meán Fómhair 2018 ann. Nuair nach mbíonn sé ag teagasc, bíonn sé ag garraíodóireacht, ag léamh, nó ag cócaireacht. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir leis le déanaí le tuilleadh a fháil amach faoi.


Inis dúinn fút féin.


Rugadh mé i mBaile Átha Cliath agus tógadh mé i Ráth Eanaigh i dtuaisceart na cathrach. D’fhéadfá a rá gur fíor-Bhaile Átha Cliathach mé. Is as Baile Átha Cliath mo bheirt tuismitheoirí, mo cheathrar seantuismitheoirí agus mo shin-seantuismitheoirí ar fad. Tá an chuma sin ar an gcraobh ghinealaigh agus muid ag dul ar ais cúpla glúin eile. Tá deartháir agus deirfiúr amháin agam agus is mise an duine is sine sa chlann.


Sular rugadh mé, shocraigh mo thuismitheoirí go mbeadh Gaeilge ag a gclann agus do sheol siad sinn ar bhunscoil agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge. Beidh mé go mór faoi chomaoin acu go deo as an gcinneadh sin a dhéanamh (agus as go leor rudaí eile, ar ndóigh). Níor tháinig deireadh le m’oideachas trí mheán na Gaeilge nuair a chríochnaigh mé an Ardteist. Nuair a d’fhág mé an mheánscoil, rinne mé staidéar ar an ngnó trí Ghaeilge agus ar an teanga féin le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tar éis na fochéime rinne mé máistreacht i Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. I ndiaidh dom an mháistreacht a bhaint amach in 2013 thosaigh mé ar dhochtúireacht san Fhoghlaim Chumaisc le Fiontar. D’éirigh liom í a bhaint amach le déanaí, i mí Lúnasa na bliana seo caite.


Cén chaoi ar thosaigh tú ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta?


Ní ar an ngnáthbhealach a chuaigh mé leis an múinteoireacht. Thosaigh mé ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta nuair a bhí mé bliain is fiche, tar éis dom teastas i múineadh an Bhéarla mar theanga iasachta (TEFL) a dhéanamh. Rinne mé é seo fad is a bhí mé ag obair le linn an tríú bliain den chúrsa fochéime. Bheartaigh mé teastas TEFL a dhéanamh toisc nach raibh an brú céanna orm ó thaobh an staidéir de an bhliain sin agus toisc gur theastaigh uaim dul ag taisteal san Áise tar éis na fochéime. Le linn na bliana seo fuair mé post mar mhac léinn ar thaithí oibre le foireann taighde Fiontar. D’oibrigh mé ar na tionscadail seo a leanas: logainm.ie, ainm.ie agus téarma.ie (nó focal.ie mar a thugtaí air). D’éirigh liom an t-uafás a fhoghlaim ó fhoireann ildánach Fiontar le linn mo thréimhse leo. Nuair a tháinig deireadh leis an taithí oibre seo, fuair mé conradh múinteoireachta ar feadh an tsamhraidh le hinstitiúid Eorpach darb ainm Eurofound. Rith sé liom go raibh sé giota beag íorónta gurbh é an chéad phost a fuair mé a bhuí le mo theastas TEFL ná post ag múineadh na Gaeilge. Táim ag múineadh na Gaeilge do dhaoine fásta amháin nach mór ó shin.


Nuair a d’fhill mé ar mo bhliain dheireanach san ollscoil chuir mé isteach ar dhámhachtain Fulbright chun an Ghaeilge a theagasc in ollscoil Mheiriceánach mar chúntoir teagaisc. Bíonn an-tóir ar na dámhachtainí seo agus ar an dea-uair, cé go raibh mé an-óg ag an am, d’éirigh liom áit a fháil ar an gclár. Ba é seo an chéad phost múinteoireachta lánaimseartha a bhí agam agus chaith mé bliain, ó 2011 go 2012, ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil St Thomas sna Comhchathracha in Minnesota. Níorbh é seo an uair dheireanach a chaith mé i Meiriceá ag múineadh na Gaeilge, áfach. Mar chuid den taighde dochtúireachta chuaigh mé go hOllscoil Wisconsin, Milwaukee, agus go hOllscoil Carnegie Mellon in Pittsburgh le Gaeilge a theagasc agus le taighde a dhéanamh. Tá am caite agam ag múineadh in UCD, DCU agus in Ollscoil Mhá Nuad freisin.


Céard a bhíonn ar siúl agat nuair nach mbíonn tú ag múineadh ranganna Gaeilge?


Faoi láthair, nuair nach mbím ag múineadh ranganna Gaeilge anseo le Gaelchultúr bím i mbun ceartúcháin nó bím ag iarraidh dul i dtaithí ar na córais éagsúla atá acu anseo sa choláiste. Nílim ach ag obair anseo le tamaillín agus braithim go bhfuil go leor le foghlaim agam go fóill faoi nósanna imeachta an choláiste.





Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?


Nuair a bhíonn am saor agam is maith liom a bheith ag cócaireacht, ag léamh, ag imirt físchluichí nó ag garraíodóireacht. Is é bia maith an rud is mó a thugann sásamh dom sa saol. I mo thuairimse, níl aon rud níos taitneamhaí ná béile blasta a ithe i gcomhluadar cairde. Tá an-dúil agam i mbia ó chultúir éagsúla agus is é an rud is ansa liom ná taighde a dhéanamh ar mhias éigin nár thriail mé roimhe agus é a chruthú as an nua. Is é an cineál cócaireachta is fearr liom ná an beárbaiciú agus ní faoi bheárbaiciú Meiriceánach amháin ná feoil fulachta amháin atá mé ag caint. Is aoibhinn liom criospaí cúirséid fulachta go mór nó criospaí ubhthoraidh. É sin ráite is deacair lomeasna bheárbaiciú atá déanta i gceart a shárú. Measaim nach bhfuil blas nó uigeacht níos deise a d’fhéadfadh a bheith ar bhia ná blas agus uigeacht an bheárbaiciú.


Is dóigh liom go n-eascraíonn an tsuim atá agam sa gharraíodóireacht as an tsuim atá agam sa chócaireacht. Tá glasraí á bhfás agam ó bhí mé 18 agus tá ceapach bheag agam i bpáirc Naomh Áine i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bainim an-taitneamh as glasraí agus torthaí a fhás agus sílim gurb iad na glasraí agus na torthaí is blasta atá ann. Fásaim gach uile shaghas ruda ar an gceapach: súnna talún, cuir i gcás, bliosáin ghréine agus cál. Is iad na rudaí is deise liom a fhás ar an gceapach na sútha craobh. Thug mac léinn liom a bhí ina luibheolaí gais sútha craobh dom mar bhronntanas cúig bliana ó shin agus tá siad ar an gceapach agam fós. Tá siad i bhfad níos blasta ná na cinn atá ar díol sna siopaí.


Céard iad na pleananna atá agat do na míonna atá romhainn?


Is iad na pleananna atá agam do na míonna atá romhainn ná an cheapach a ullmhú don earrach. Ba mhaith liom roinnt taistil a dhéanamh timpeall na hEorpa freisin chun cuairt a thabhairt ar chairde nach bhfaca mé le tamall.