An bhfuil sé mar rún na hathbhliana agatsa níos mó leabhar Gaeilge a léamh? Bhuel, ní gá a thuilleadh cuardaigh a dhéanamh! Tá sraith eile de chuid ClubLeabhar.com díreach tosaithe agus tá meascán breá againn arís d’úrscéalta agus de ghearrscéalta, de scéalta nua-aimseartha agus d’fhicsean staire, de scéalta lán spraoi agus de scéalta a spreagfaidh machnamh.
Agus ar mhaithe le nós na léitheoireachta a chothú, tá Gaelchultúr ag tabhairt deis do léitheoirí na nuachtlitreach seo leabhair shraith an earraigh a bhuachan.
Sé leabhar ar fad atá i sraith an earraigh: Cinnlínte: Saol an Iriseora; Fuascailt an Iriseora; Eachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga; Gáire in Éag; Titeann Rudaí as a Chéile; agus An Jailtacht: Dialann Emily Porter.
Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:
Cén chéad leabhar riamh a roghnaíodh mar leabhar na míosa ar ClubLeabhar.com?
Más mian leatsa cur isteach ar an gcomórtas, seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Déardaoin, 31 Eanáir 2019.
Cuirfear an buaiteoir ar an eolas an lá dár gcionn agus foilseofar a (h)ainm sa chéad eagrán eile den nuachtlitir.
Cóipcheart © 2019 Gaelchultúr Teoranta
Gaelchultúr Teoranta, 11 Sráid an Chláraigh, Baile Átha Cliath 2, Éire, D02 TD34
Uimhreacha gutháin: (01) 484 5220 / 1890 252 900
Seol ríomhphost chugainn