Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

Buaiteoir an chomórtais


Comhghairdeas le Isabel Puente Lozano, buaiteoir chomórtas nuachtlitir mhí na Bealtaine! Bhuaigh sí áit ar Thionól Gaeilge UCD, an scoil samhraidh a reáchtáil Bord na Gaeilge UCD i gcomhar le Gaelchultúr le linn an tsamhraidh anuraidh.


Sibhse a chuir isteach ar an gcomórtas ach nár éirigh libh an duais a bhuachan, ná bíodh lagmhisneach oraibh: tá deis agaibh leabhair shraith an earraigh de ClubLeabhar.com a bhuachan i nuachtlitir na míosa seo.


Ná déanaigí dearmad gur féidir rang oíche Gaeilge de chuid Ghaelchultúir a chur in áirithe ar an suíomh gaelchultur.com; go bhfuil leabhair agus acmhainní éagsúla d’fhoghlaimeoirí le ceannach ónár siopa ar líne, siopa.ie; agus go bhfuil cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.