Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

Scéim intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh


Tá deis ann anois tréimhse cúig mhí a chaitheamh ar thaithí oibre i gceann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh, a bhuí le scéim intéirneachta a bhunaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta anuraidh. Is fiú go mór a leithéid de thaithí a fháil, dar le hÁine Mills, céimí de chuid Choláiste na Tríonóide a bhfuil tréimhse díreach caite aici sa Bhruiséil.


1. Inis dúinn faoi do chúlra oideachais féin.


Bhain mé bunchéim amach i Litríocht an Bhéarla agus sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide. Mhothaigh mé ionam féin mura leanfainn ar aghaidh leis an oideachas agus rith an rása liom, go mbeadh seans maith ann nach dtiocfainn ar ais chuici choíche. Bhí sé de rún agam cúrsa san aistriúchán liteartha a dhéanamh go dtí gur tháinig mé ar an máistreacht i Staidéar an Aistriúcháin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC). Cheap mé go mbeinn níos fearr as gan a bheith srianta do réimse amháin aistriúcháin agus go mbeadh an cúrsa sin níos praiticiúla. Tá an-cháil ar an gclár toisc gur cuid é den European Master’s in Translation Network agus thug mé faoi in 2017-2018.


2. Conas a chuala tú faoin deis seo le taithí oibre a dhéanamh i gceann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE)? An raibh tú ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh le tamall anuas?


Nuair a d’fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an scéim, chuir Mary Phelan, Cathaoirleach an chúrsa in OCBÁC, ríomhphost ó Dhaithí Mac Cárthaigh in Óstaí an Rí ar aghaidh chuig an mbeirt againn a bhí ag plé leis an nGaeilge ar an gcúrsa. Tá aithne agam ar chúpla duine eile ón ollscoil a bhfuil suim acu i gcúrsaí aistriúcháin agus scaipeadh an scéal i measc an ghrúpa sin chomh maith.





Bhí mé ag smaoineamh ar chur isteach ar an scéim oiliúna a reáchtálann an AE dhá uair sa bhliain toisc gur cheap mé go bhfaighinn taithí den scoth as. Ag tús na bliana, áfach, nuair a osclaíodh an próiseas roghnúcháin don tréimhse a bhí le tosú i nDeireadh Fómhair 2018, bhraith mé go raibh mé róghnóthach chun a bheith ag líonadh foirmeacha agus ag bailiú doiciméad don iarratas. Chinn mé go smaoineoinn arís faoi don chéad tréimhse eile dá mbeadh an fuadar fós fúm. Bhí an t-ádh liom gur tháinig an deis seo ó Rialtas na hÉireann chun cinn idir an dá linn.


3. Cén próiseas iontrála a bhí ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta don taithí oibre seo?


Ba é céadchéim an phróisis ná foirm iarratais a comhlánú, cosúil le hiarratas a dhéanamh ar phost ar bith eile. In éineacht leis sin, bhí orm 500 focal a scríobh maidir leis na fáthanna ar mhaith liom tréimhse a chaitheamh i gceann de na hinstitiúidí agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar chomhlíon mé na critéir a bhí leagtha amach. Tugadh cuireadh dom ansin freastal ar scrúdú aistriúcháin agus agallamh i nGaillimh. Is éard a bhí i gceist leis an scrúdú aistriúcháin ná 10 líne ar ábhar ginearálta a bhain leis an Aontas, agus bhí cead againn na gnáthfhoinsí ar líne a úsáid. Fuair mé amach cúpla seachtain níos déanaí gur chuid de scrúdú samplach na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) atá ar fáil ar líne a bhí in úsáid acu! Fuair mé torthaí na dtástálacha thart ar thrí seachtaine ina dhiaidh sin agus dúradh liom go mbeinn ag dul chun na Bruiséile chun cúig mhí a chaitheamh faoi oiliúint le hAonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.


4. Cén tairbhe a bhain tú as an tréimhse sa Bhruiséil?


Bhí sé éagsúil le gach post a bhí agam roimhe, a bheith ag obair i dtimpeallacht oifige agus dhá scáileán os mo chomhair. Is gá duit smacht a choinneáil ort féin agus an-aird a dhíriú ar na téacsanna agus tá ceachtanna foghlamtha agam fúm féin maidir leis sin. Fuair mé léargas ar na modhanna oibre agus na nósanna imeachta a úsáidtear sa Choimisiún agus beidh sé sin tábhachtach dom má dhéanaim cinneadh dul ar ais ansin ar bhonn níos fadtéarmaí. Tá Aonad na Gaeilge réasúnta beag go fóill i gcomparáid leis na teangacha eile, cé gur tháinig méadú ar líon na n-aistritheoirí fiú le linn domsa a bheith ann. Is féidir an oiread sin rudaí a fhoghliam faoin teanga, faoin aistriúchán, faoin mBruiséil agus faoin saol é féin, fiú, ó na daoine seanbhunaithe a bhfuil taithí na mblianta acu agus ó na nuatheachtaithe freisin. Caithfidh gur tháinig feabhas ar mo chuid scileanna Gaeilge freisin. Ba mhinic a rinne mé iarracht Gaeilge a labhairt le hairgeadóir san ollmhargadh toisc go raibh an lá oibre ar fad caite agam trí mheán na Gaeilge. Níor tharla a leithéid riamh sa bhaile!


5. Ar thaitin an obair leat?


Thóg sé tamall dom dul i dtaithí ar a bheith ag aistriú téacsanna casta reachtaíochta gach uile lá, ach thaitin sé liom mar sin féin. Cinnte, bhí laethanta deacra ann nuair a cheap mé nach raibh mé in ann dó ach ag an am céanna thaitin an dúshlán sin go mór liom. Tógann sé roinnt mhaith ama teacht isteach ar stíl na dtéacsanna, agus is dócha nach raibh mé ach ag dul i dtaithí air i gceart agus mé ag bailiú liom abhaile, ach tagann feabhas ar do chuid oibre de réir a chéile agus bíonn na haistritheoirí eile lánsásta ceisteanna a fhreagairt agus rudaí a phlé. D’oibrigh mé ar réimse ábhar le linn na tréimhse ansin – lipéadú bia, cuir i gcás, bunachair shonraí, cúrsaí iascaigh – agus ba dheas an rud tuiscint a fháil ar na slite a dtéann an AE i bhfeidhm ar gach gné den saol. Cé go raibh cuid de na doiciméid ar a raibh mise ag obair beagáinín seanchaite toisc gur chuid den acquis communautaire iad, mothaíonn tú fós go bhfuil tú i gcroílár pholaitíocht na hEorpa nuair a chloiseann tú an díospóireacht ag am caife faoin doiciméad is déanaí atá tar éis teacht isteach díreach ó chruinniú tábhachtach.


6. Ar thaitin an saol sa Bhruiséil leat?


Admhaím go raibh sé deacair dul chun na Bruiséile i m’aonar, gan teaghlach gan chairde. Ba é seo an chéad uair dom a bheith i mo chónaí thar lear ach táim cinnte de go rachaidh sé chun sochair dom amach anseo. Bhí mise i mo chónaí in Evere, an ceantar ina bhfuil oifigí Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin. Is ceantar cónaithe é den chuid is mó agus admhaím go raibh sé leamh, go háirithe ag an deireadh seachtaine agus níor thaitin an ghné sin liom. Chuir m’easpa Fraincise agus Ollainnise isteach orm uaireanta freisin. Tá Béarla ag formhór na ndaoine agus rinne mé staidéar ar an bhFraincis don Ardteist ach fós féin bhí orm dul i muinín Google Translate chun lipéid bhia agus a leithéid a léamh.


Bíonn dhá thaobh ar an mbád, áfach, agus thaitin lár na cathrach féin liom. Tá an-chuid staire agus maorgachta ag baint leis an gceantar sin agus bíonn féilte agus ócáidí cultúrtha ar siúl ann go rialta. Ba mhinic a tháinig mé ar ócáid as an ngnách nach raibh coinne agam leis! Tá slí mhaireachtála réchúiseach ag na daoine agus níorbh fhearr liom rud ar bith ná a bheith i mo shuí i gceann de na páirceanna nó na cearnóga galánta faoin ngrian, ag baint súp as comhluadar agus comhrá. Ceann de na rudaí is mó a thaitin liom faoin mBruiséil ná a lárnaí is atá sí. Tá córas maith taistil ar fáil ansin agus tá sé an-deas a bheith in ann éalú ón mBruiséil féin agus dul ar thuras go dtí cathair eile. Cabhraíonn sé go mór go mbíonn na ticéid traenach leathphraghas ag an deireadh seachtaine.


7. An bhfuil sé beartaithe agat cur isteach ar phost i gceann d’institiúidí an AE go luath?


Chuir mé isteach ar an gcomórtas de chuid EPSO a reáchtáladh ag deireadh 2017, agus rinne mé na scrúduithe aistriúcháin tamall roimh an Nollaig. Tuigim nach bhfuil mo chuid scileanna Fraincise maith go leor chun pas a fháil an uair seo ach ar a laghad beidh an taithí sin agam nuair a reáchtálfar an chéad chomórtas eile i gceann cúpla bliain. Tá an deis ann anois cur isteach ar chonradh tríd an bpróiseas CAST agus táim ag smaoineamh faoi sin faoi láthair freisin, cé go mbeadh orm roinnt oibre a dhéanamh chun pas a fháil sna trialacha, amhail an réasúnaíocht teibí.