Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

An Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil: tuairim foghlaimeora


Is fostaí de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin í Christine Murphy a chuir spéis sa Ghaeilge den chéad uair agus í ina dalta meánscoile, ach nach raibh mórán deiseanna aici an méid a d’fhoghlaim sí an uair sin a úsáid.


Nuair a thosaigh a mac ag freastal ar scoil lán-Ghaeilge cúpla bliain ó shin, músclaíodh a spéis sa teanga athuair agus thosaigh sí á foghlaim arís. I ndiaidh di triail a bhaint as cúrsaí éagsúla agus as ranganna oíche, tháinig an deis chun cinn ina háit oibre an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil a dhéanamh le Gaelchultúr.


Thaitin leagan amach an chúrsa go mór le Christine, go háirithe an bealach a múineadh pointí casta gramadaí agus an obair bhaile a bhí le déanamh anuas ar obair an tseomra ranga.

“Rinne mé iarracht cúpla uair i gcaitheamh na mblianta an Ghaeilge a fhoghlaim arís,” a deir Christine, “ach níor éirigh go rómhaith liom. Bheartaigh mé rud a bhí ruainne beag níos dúshlánaí a dhéanamh agus thapaigh mé an deis le Gaelchultúr. Bhí an cúrsa níos déine ná na cinn a thriail mé cheana, ach gan a bheith ródheacair.


“Ba mhór an spreagadh a bhí san obair bhaile a tugadh dúinn gach seachtain. Dhírigh sé mé ar mo chuid foghlama, chuir sé brú beag breise orm agus théinn chun na leabharlainne le breis staidéir a dhéanamh. D’airigh mé go raibh an ghramadach á foghlaim i gceart agam an uair seo. Caithfidh mé a admháil gur chuir an obair bhaile faitíos orm ar dtús! Níor thuig mé go mbeadh a leithéid i gceist agus thóg sé coicís orm teacht suas leis na daoine eile sa rang.”


Cé gur bhraith sí go raibh an cúrsa dúshlánach, go háirithe don té atá ag obair go lánaimseartha, deir Christine gur thaitin an modh múinteoireachta go mór léi agus gur airigh sí gur mhór an buntáiste é an cúrsa a bheith beagán níos déine ná na ranganna oíche a bhí déanta aici.





“An rud ab fhearr faoi, dar liom, ná an obair ghrúpa a rinne muid - thug sé sin deis dúinn ár gcuid Gaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Chuir sé go mór le mo mhuinín, agus bhí mé ábalta tógáil ar an muinín a bhí faighte agam ó ranganna gramadaí a bhí déanta agam cheana. Thaitin na cluastuiscintí liom freisin, cé nár thuig mé gach uile fhocal i gcónaí!”


Deir Christine go bhfuil an mhuinín agus an spéis aici anois le tabhairt faoi chúrsaí eile Gaeilge agus leibhéal níos airde a bhaint amach sa teanga. Tá feabhas mór tagtha ar a cumas scríofa agus léite sa Ghaeilge agus ba mhaith léi tuilleadh cúrsaí a dhéanamh anois le barr feabhais a chur ar a scileanna labhartha agus éisteachta. Sa chúrsa a rinne sí, bhí aistriúchán ó Bhéarla go Gaeilge i gceist uaireanta, agus béim mhór ar an léamhthuiscint, agus dúirt sí go n-airíonn sí “an-chumasach” sa dá ghné sin den teanga anois.


“Bhí an múinteoir a bhí againn an-mhaith, agus thug sé go leor deiseanna dúinn an Ghaeilge a labhairt sa seomra ranga in áit a bheith ag caint i gcónaí é féin. Théadh sé siar go minic ar rudaí a chlúdaigh muid i gcaitheamh an chúrsa, go háirithe sa chás go mbeadh deacracht ag an rang. Bhí an plé ar an ngramadach an-chabhrach agus d’fhreagraíodh sé ceist ar bith a bhí agam go heolach.”





Sa ról atá aici faoi láthair i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin, ní bhíonn mórán deiseanna ag Christine a cuid Gaeilge a úsáid. Deir sí, mar sin féin, go bhfuil sí sásta go bhfuil sí in ann cúnamh a thabhairt i gcás ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge, nuair is gá agus nuair is féidir léi, agus deir sí go bhfuil súil aici go n-éireoidh léi bealaí nua a aimsiú amach anseo lena bhfuil foghlamtha aici ón gcúrsa a úsáid.


“Is annamh is gá dom an Ghaeilge a labhairt i mo shaol oibre ach ba mhaith liom cur leis an úsáid a bhainim aisti i mo shaol pearsanta. Tá grúpaí éagsúla timpeall an cheantair a labhraíonn Gaeilge le chéile. Ba mhaith liom, go mór mór nuair a bheidh mé éirithe as, tuilleadh deiseanna mar sin a aimsiú le feabhas a chur ar mo scileanna cumarsáide,” a deir sí.