Nuachtlitir #43: Eanáir 2019

An-tóir ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil i gComhairle Contae Mhaigh Eo


Tá ranganna Gaeilge á gcur ar fáil ag Gaelchultúr i gComhairle Contae Mhaigh Eo ó bhí 2015 ann agus tá réimse leathan fostaithe, as gach rannóg de chuid na heagraíochta, tar éis freastal ar na ranganna sin.


Os cionn 120 fostaí de chuid na Comhairle atá tar éis cúrsa Gaeilge de chuid Ghaelchultúir a dhéanamh sna ceithre bliana sin, a deir Oifigeach Gaeilge na Comhairle, Marian Uí Mháille, agus tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) bainte amach ag formhór na ndaoine sin.


Bhí ranganna don uile chineál foghlaimeora ar fáil sa Chomhairle, idir ghlantosaitheoirí a rinne an cúrsa bonnleibhéil, iadsan a bhí ag filleadh ar an teanga agus a thug faoi Leibhéal 3 an TGG agus fhoghlaimeoirí a bhí ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge agus a rinne cúrsaí ag Leibhéal 4 agus Leibhéal 5.


“Tá na foghlaimeoirí atá againn anseo sa Chomhairle i ndiaidh an-taitneamh a bhaint as na cúrsaí Gaeilge,” a deir Marian, “cé nár thuig cuid acu go mbeadh obair bhaile le déanamh acu i gcás an TGG! Ach d’éirigh leo teastas a bhaint amach ag deireadh an chúrsa agus bhí an múinteoir a bhí acu, Siobhán Patten, a tháinig chugainn ó Acaill, an-mhaith ar fad.


“Tá na cúrsaí á gcur ar fáil againn le thart ar cheithre bliana anois agus tá daoine a thosaigh ag leibhéal an tosaitheora ag tabhairt faoin TGG ag na leibhéil arda anois. Tá daoine eile a tháinig isteach ag Leibhéal 3 nó Leibhéal 4 dulta ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile, mar sin tá daoine ag feabhsú i gcónaí.”






Deir Marian gur cheap roinnt foghlaimeoirí go raibh sé dúshlánach dul ó Leibhéal 3 go Leibhéal 4 an TGG ach gur spreagadh a bhí ann teastas agus cáilíocht a bheith le gnóthú. Ba dhúshlán mór é do chuid díobh Gaeilge seachas Béarla a labhairt lena gcomhghleacaithe sa seomra ranga, cé go ndeachaigh siad i dtaithí air sin de réir a chéile.


Deir Marian go bhfuil an cumas anois ag roinnt mhaith fostaithe sa Chomhairle comhrá Gaeilge a dhéanamh agus gur mhór an chabhair é gur díríodh ar ábhar a bhain leis an saol oibre sna ranganna.


“Baineann an t-ábhar a bhíonn i gceist sna ranganna le gnáthrudaí a tharlaíonn in oifig nó san ionad oibre. Pléitear an chaoi le ríomhphost a chumadh agus a fhreagairt i nGaeilge, mar shampla, an chaoi le glaonna gutháin a láimhseáil i nGaeilge agus rudaí úsáideacha eile mar sin. An dúshlán atá romhainne sa Chomhairle anois ná daoine a spreagadh lena ndícheall a dhéanamh leis agus an méid a d’fhoghlaim siad sna ranganna a úsáid.


“Táimid ag smaoineamh ar chomharthaí a chur suas in oifigí na Comhairle le daoine a spreagadh chun a gcuid Gaeilge a úsáid, nó a ndícheall a dhéanamh. Tá an focal sin ‘dícheall’ an-tábhachtach, mar bíonn drogall ar dhaoine an Ghaeilge atá acu a úsáid. Tá sé sa scéim teanga atá againn go mbeidh cainteoirí Gaeilge in ann a ngnó a dhéanamh linn i nGaeilge agus tá níos mó daoine ar fáil sa Chomhairle anois a bheidh in ann déileáil leis an éileamh sin.”






An rud is tábhachtaí faoi ranganna Ghaelchultúir, dar le Marian, ná an iarracht a dhéantar roimh ré measúnú a dhéanamh ar chumas na bhfoghlaimeoirí sula dtosaíonn cúrsa. Deir sí go reáchtáladh ranganna eile sa Chomhairle Contae roimhe seo inar meascadh na baill foirne ar fad le chéile, cé go raibh leibhéil éagsúla chumais i gceist i measc na rannpháirtithe.


“Déanann Gaelchultúr measúnú ar na foghlaimeoirí agus is rud an-tábhachtach é sin, mar cuirtear daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu sna ranganna ina mbíonn deis acu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus cuirtear daoine nach bhfuil Gaeilge chomh snasta céanna acu i ranganna níos ísle. Agus tá na daoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu in ann tosú as an nua,” a deir Marian.


Ach an oiread le foghlaimeoirí eile, tá lucht Chomhairle Contae Mhaigh Eo sásta leis an méid Gaeilge atá foghlamtha acu ar chúrsaí Ghaelchultúir ach tá sé deacair acu deiseanna a fháil leis an teanga a labhairt anois agus na ranganna thart. Tá sé beartaithe ag Marian na deiseanna sin a chruthú sa Chomhairle amach anseo trí “ranganna feabhais” a reáchtáil nach mbeidh chomh dian céanna leis an TGG, le cois imeachtaí éagsúla Gaeilge a chur ar siúl.