Nuachtlitir #44: Aibreán 2019

Cuir aithne ar ár múinteoirí: Réaltán Ní Leannáin


Tá Réaltán Ní Leannáin ag teagasc le Gaelchultúr ó bhí Meán Fómhair 2018 ann. Nuair nach mbíonn sí ag teagasc, bíonn sí ag scríobh, ag léamh nó ag craoladh. Labhair Nuachtlitir Ghaelchultúir léi ar na mallaibh le tuilleadh a fháil amach fúithi.


Carb as thú?
Rugadh mé ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste agus d’fhás mé aníos ansin le linn na seascaidí agus na seachtóidí – drochbhlianta na dTrioblóidí. Ar nós go leor Gael eile as Béal Feirste atá ag obair leis an teanga agus a thóg clann trí Ghaeilge, níor fhás mé aníos leis na teanga. Ní raibh focal Gaeilge ag mo thuismitheoirí!


Seo mar a thit mé i ngrá leis an Ghaeilge:
Bhí mo thuismitheoirí an-dian orainn, an-dian ar fad. Bhí mé ar scoil cailíní – clochar - agus mé i mo dhéagóir, agus bhí orm a bheith sa bhaile caol díreach i ndiaidh scoile, sa dóigh is nach mbeadh imní ar mo thuismitheoirí. Bhí na sráideanna contúirteach ag an am sin, idir shaighdiúirí a bheith ag “tógáil” daoine (á mbaint ón tsráid chuig an bheairic le hiad a cheistiú), bhuamaí, bhuamaí cairr, bhusanna á ndó, chíréibeacha … Mar sin, nuair a dhruid tú an doras tosaigh agus tú sa bhaile ón scoil, d’fhan tú ann!


Cinnte ní raibh cead agam gabháil go dtí an dioscó (cuimhnigh gur na seachtóidí a bhí ann) i halla an pharóiste, mar bhí a fhios ag madaí an bhaile go raibh ceirtlis á hól ar chúl an halla ann. Bhí an rud céanna amhlaidh i gcás dhioscónna Chumann Lúthchleas Gael. Ach bhí club sóisialta Gaelach, Cumann Chluain Árd, sa chomharsanacht nach raibh cead aon teanga a úsáid ann ach an Ghaeilge. Bhíodh céilí acu siúd gach oíche Shathairn agus chuirtí tae agus ceapairí agus bonnóga ar fáil leathbhealach tríd an oíche – agus stócaigh. Bhí ranganna oíche Gaeilge acu agus club óige – agus stócaigh. Agus cha raibh rian den leann úll ann. Is mar sin a thosaigh mé a fhoghlaim Gaeilge – má bhí mé ag iarraidh fáil amach as cistin mo thuismitheoirí ar chor ar bith sula mbainfinn scór bliain amach – agus castáil le stócaigh - ní raibh an dara suí ann ach triall ar Chumann Chluain Árd. D’oscail sé domhan lán iontaisí dom, ní de stócaigh amháin, ach den teanga, den litríocht, den chultúr agus den bhéaloideas, den cheol agus den amhránaíocht.


Mar thoradh ar mo chuid ama sa Chumann, d’fhreastail mé ar an ollscoil i gCúil Raithin agus bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus sa Spáinnis. Chaith mé go leor de laethanta saoire an tsamhraidh ag obair i gceantair Ghaeltachta agus sa Spáinn. Chaith mé bliain ag teagasc Béarla in Burgos na Spáinne, agus mar chuid den chéim chaith féin bliain sna Gaeltachtaí: seimeastar ar an Cheathrú Rua i nGaillimh agus seimeastar eile i Mín an Chladaigh i dTír Chonaill.


Cad chuige ar tháinig tú go Baile Átha Cliath?
Bhí sé deacair a theacht ar phost ó thuaidh i ndiaidh céim a bhaint amach. Rinneadh imirceach eacnamaíoch díom i 1986 – bhog mé go Baile Átha Cliath chun jab a fháil! Ar cheann de na chéad phoist a bhí agam, bhí post mar bhainisteoir ar Chlub Chonradh na Gaeilge, agus chas mé ar dhaoine ó cheithre chearn na tíre ansin. Ba ansin chomh maith a casadh “Dub” orm darbh ainm Ruairí agus tá muid le chéile ó shin. Tógadh Ruairí le Gaeilge sa chathair, mar sin ní muid féin amháin a bhí ag labhairt Gaeilge lenár bpáistí in am tráth ach a mhuintir siúd uilig fosta. Thug sé sin teachtaireacht an-deimhnitheach faoin teanga dár gcuid páistí, mar gur chuala siad an Ghaeilge á labhairt taobh amuigh den scoil agus dár dteach féin ar bhonn rialta.


An chuid is mó de mo shaol oibre theagasc mé Gaeilge i scoileanna dara leibhéal. Chaith mé roinnt mhaith blianta ag léachtóireacht go páirtaimseartha fosta – bhí mé ag plé le modheolaíocht na Gaeilge agus na Spáinnise i gColáiste na Tríonóide agus leis an ríomhfhoghlaim in DCU.


Thosaigh mé post nua lánaimseartha i Scoil an Oideachais in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste ach bhí orm stopadh de sin in 2008 nuair a fuair mé amach go raibh ailse orm. I ndiaidh cóir leighis ní raibh an fuinneamh agam le gabháil ar ais chuig an léachtóireacht lánaimseartha agus d’athraigh an saol.


Thosaigh mé a dhéanamh rud éigin le linn dom a bheith tinn a raibh sé riamh ar intinn agam tabhairt faoi ach nach raibh go leor ama ann chuige roimhe sin – an scríbhneoireacht. Anois, deich mbliana ó thosaigh mé ar an aistear scríbhneoireachta sin, tá cnuasach filíochta (Turas Ailse) agus cnuasach gearrscéalta (Dílis) foilsithe agam, agus úrscéal (Cití na gCártaí) le foilsiú níos moille i mbliana. Tá scéalta eile a foilsíodh in Comhar agus in An tUltach ar fáil saor in aisce ar líne chomh maith. Tá blag agam agus tá liosta foilseachán le fáil ar thaobh na láimhe deise de sin.


Cad eile atá ar siúl agat faoi láthair?
Is breá liom an teagasc - bainim an-sult as a bheith ag plé le daoine fásta sa seomra ranga. Ní dua ach pléisiúr atá i ranganna Ghaelchultúir. Agus tá an-tacaíocht go deo ar fáil ag múinteoirí páirtaimseartha ón fhoireann fhíorábalta atá “ar chúl an tí” go lánaimseartha.


I mbliana tá an t-ádh dearg orm - is Scríbhneoir Cónaithe mé in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go deireadh na bliana seo. Is post iontach (leathaimseartha) é, bíodh is (a) nach bhfuil mé róchinnte cad ba cheart a bheith ar siúl agam agus (b) nuair a chuireann daoine ceist orm “Cad é atá tú ag scríobh faoi láthair?” briseann an gáire orm - tá an oiread sin le déanamh idir a bheith ag eagrú ceardlann agus léachtaí agus ócáidí eile go mbáitear mo chuid ama faoi thonnta ríomhphost, cruinnithe agus seisiúin sa seomra ranga. Ach tá mé ag baint an-sult as agus beidh díomá orm nuair a bheas an tréimhse istigh (athraítear an Scríbhneoir Cónaithe go rialta, chun seans - agus airgead - a thabhairt do raon scríbhneoirí). Ach tá súil agam leanúint ag teagasc le Gaelchultúr.