Nuachtlitir #44: Aibreán 2019

Comórtas


Is breá le Gaelchultúr tacú le foghlaim na Gaeilge trí bhearta éagsúla foghlama a chur ar fáil ar siopa.ie ar phraghas laghdaithe. Is iad na bearta atá ar fáil uainn faoi láthair ná Beginner Bundle, Returning Learner Bundle, an Beart Cruinnis agus an Beart Bunscoile do mhúinteoirí bunscoile. Is féidir súil a chaitheamh ar na cúrsaí atá mar chuid de na bearta ach cliceáil anseo.


Tá do rogha birt á thairiscint againn mar dhuais i gcomórtas na míosa seo. Le cur isteach ar an gcomórtas, níl le déanamh agat ach an cheist seo a fhreagairt:

Céard é an beart is saoire atá ar díol ar siopa.ie?

Más mian leat cur isteach ar an gcomórtas, seol freagra na ceiste thuas i dteachtaireacht ríomhphoist, agus “Comórtas” mar theideal uirthi, chuig eolas@gaelchultur.com faoi 5.00pm, Dé hAoine, 10 Bealtaine 2019.


Fógrófar an buaiteoir an tseachtain dár gcionn.