Nuachtlitir #44: Aibreán 2019

Margadh na míosa


Bíonn Gaelchultúr i gcónaí ag cur leis na bealaí éagsúla inar féidir leat an Ghaeilge a fhoghlaim. Bíonn ranganna oíche á reáchtáil againn, tá foilseacháin éagsúla d’fhoghlaimeoirí fásta curtha i gcló againn agus, lena chois sin, tá cúrsaí idirghníomhacha ilmheán ar fáil ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.


Táimid den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éifeachtaí níos mó ná modh foghlama amháin a úsáid agus gur fiú go mór triail a bhaint as na bealaí éagsúla atá á gcur ar fáil ag Gaelchultúr agus tú ag iarraidh an teanga a shealbhú.


Chuige sin tá margadh iontach againn do léitheoirí Nuachtlitir Ghaelchultúir an mhí seo. Má chláraíonn tú ar aon chúrsa de na trí cinn thíos, cuirfimid mí sa bhreis le do chlárúchán - ach níl an margadh seo ar fáil ach go dtí an 31 Bealtaine! Seo iad na cúrsaí atá i gceist:

Gaeilge gan Stró! - Beginners Level
Gaeilge gan Stró! - Lower Intermediate Level
Gramadach gan Stró!

Agus ranganna.com á úsáid agat, beidh tú in ann an Ghaeilge a fhoghlaim ar an mbus chun na hoibre, cuir i gcás, nó ar do laethanta saoire, is cuma cén áit ar domhan a bhfuil cónaí ort. Tá an suíomh oiriúnach do ghutháin chliste agus do tháibléid agus tá sé an-éasca a úsáid.


Go n-éirí leat!